An difríocht idir athruithe ar: "Lev Kopelev"

Content deleted Content added
No edit summary
 
No edit summary
Líne 5:
Chaith sé an téarma agus corradh sna campaí, ach nuair a fuair Stalin bás, scaoileadh saor é. Fuair sé ar ais a chuid dintiúirí mar Chumannach i ndiaidh na hóráide faoi choireanna Stalin a thug Khrushchev ag an bhficheadú hArd-Fheis de chuid Pháirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh. Chrom sé ar ais ar a chuid oibre mar shaineolaí ar an léann Gearmánach, ach san am céanna, thosaigh sé ag cur suim i ngluaiseacht na n-easaontóirí agus ag tréigean an Chumannachais. Nuair a d'fhorghabh an tArm Sóivéadach an tSeicshlóvaic sa bhliain 1968, rinne sé agóid ina aghaidh, agus caitheadh amach as an bPáirtí Cumannach é.
 
Sa bhliain 1981, ruaigeadh Kopelev agus a bhean chéile as an Aontas Sóivéadach. Shocraigh siad síos sa Ghearmáin Thiar, áit a raibh cairde agus lucht aitheantais acu. Sa Ghearmáin dó, rinne Kopelev a dhicheall le maolú ar na réamhbhreithiúnais a bhí ag muintir na tíre sin i leith na Rúise, agus é ag iarraidh athmhuintearas agus comhthuiscint a chothú idir na Gearmánaigh agus na Rúisigh. In éineacht le [[Heinrich Böll]], d'fhoilsigh sé cupla leabhar comhrá, inar phléigh an bheirt acu na cuimhní cinn a bhí acu ón Dara Cogadh Domhanda, a chuir ag lámhach a chéile iad.
 
Sa bhliain 1989, fuair Kopelev cead isteach sa Rúis arís, ach nuair a thaistil sé ar fud na tíre, agus é ag dul ar cuairt chuig seanchairde, fuair sé go raibh coimhthíos air, agus an dóigh ar athraigh an seanfhód idir an dá linn. D'fhill sé go dtí an Ghearmáin, agus chaith sé deireadh a shaoil i g[[Köln]].