An difríocht idir athruithe ar: "Itriam"

Content deleted Content added
m róbat ag mionathrú: fa:ایتریم
mNo edit summary
Líne 9:
|Íomhá=Y-TableImage.png
}}
Is é an t-'''itriam''' [[Dúil cheimiceach|dúil]] uimhir a 39 i d[[tábla peiriadach]] na ndúl. Is é an giorrúchán a sheasann dó ná Y, agus é 88.905859(2) g mol-1 ar [[meáchan adamhach|mheáchan adamhach]]. Miotal trasdultach atá ann agus é geal miotalach ina chosúlacht, ar nós an airgid. Ó thaobh na ceimice de, tá sé sách cosúil leis na [[lantainídí]], agus is gnách é a aicmiú mar mhiotal tearc-chré, in éineacht leis na lantainídí agus an [[scaindiam]]. Bíonn sé ar fáil sna [[mianra]]í céanna leis na [[Tearcithir|miotail tearc-chré]] eile - mianraí a dtugtar [[Tearcithir|tearcithreacha]] orthu. Níl ach aon [[iseatóp]] cobhsaí amháin aige, <sup>89</sup>Y, agus sin é an t-aon iseatóp amháin atá ar fáil sa dúlra.
 
Fuair an t-itriam a ainm ó Ytterby, sráidbhaile beag sa tSualainn. Trí dhúil eile a bhfuil a n-ainmneacha bunaithe ar Ytterby is ea iad [[teirbiam]], [[itéirbiam]], agus [[eirbiam]]. Miotail tearc-chré iad go léir. Ba é an ceimiceoir Fionlannach [[Johan Gadolin]] a d'aithin an chéad uair gur dúil ar leith a bhí i gceist leis an itriam, sa bhliain 1794. Thit sé ar chrann an cheimiceora Ghearmánaigh Friedrich Wöhler an dúil nua a aonrú ina miotal glan, sa bhliain 1828.