An difríocht idir athruithe ar: "Jacques Labillardière"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Leathanach cruthaithe le 'Luibheolaí Francach ba ea '''Jacques-Julien Houtou de La Billardière''' (28 Deireadh Fómhair 1755 – 8 Eanáir 1834). Rugadh é in Alençon, áit a bhfuair sé scol...'
 
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 19:
D’imigh sé ar bord ''la Recherche'' ar 28 Meán Fómhair 1791, agus nuair a baineadh amach Rinn an Dóchais shiúil sé na sléibhte agus fiú chuaigh amach faoin tuath chomh fada le Fransche-Hoek chun bualadh le coilíneacht Úgónach a d’fhódaigh iad féin ann sa bhliain 1675. Bhailigh sé neart plandaí nach raibh an oiread sin eolais orthu go dtí sin.
 
Tar éis breis is dhá mhí de sheoltaireacht dheacair tháinig an cabhlach chomh fada le cósta TírThír Van Diemen ([[An Tasmáin|an Tasmáin]]) agus thug tamall i gcuan ar tugadh Entrecasteaux air sa bhliain 1792. Chuaigh La Billardière agus nádúraithe eile amach ag féachaint ar an tír. Rinne na Francaigh taiscéaladh ar iardheisceart na hAstráile agus ar an Nua-Shéalainn freisin, taiscéaladh ar bhain La Billardière agus a pháirtithe leas as chun samplaí geolaíocha, luibheolaíocha agus míoleolaíocha a bhailiú agus cuntas a thabhairt ar bhéasa agus ar theangacha Bhundúchasaigh na hAstráile.
Shroich an cabhlach oileán [[Iáva]] i Mí Dheireadh Fómhair 1793 tar éis dó a cheannaire agus ocht bhfear is ceithre fichid den fhoireann a chailleadh. Thosaigh na cogaí réabhlóideacha idir an dá linn, agus dá bhrí sin ghabh na hOllannaigh na Francaigh agus cuireadh bailiúcháin La Billardière chun na Breataine.
 
Coinníodh La Billardière i Samarang agus sa Bhatáiv, agus níor scaoileadh saor é go dtí 29 Márta 1795. Bhain sé amach Île de France, ach bhí breis is ceithre mhíle planda caillte aige agus gan eolas ar bith ar dhá thrian acu go dtí sin. Ach cuireadh ar ais chun na Fraince iad, a bhuíochas sin ar an Ridire Joseph Banks.
 
==Sa bhaile arís==