An difríocht idir athruithe ar: "Lev Kopelev"

Content deleted Content added
mioncheartú gramadaí
DaithíÓ (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 1:
Scríbhneoir, scoláire agus easaontóir Sóivéadach ab ea é '''Lev Zinovyevich Kopelev''' (9 Aibreán 1912 - 18 Meitheamh 1997). Giúdach ab ea é, agus d'fhoghlaim sé an Ghearmáinis 'is é ina bhuachaill óg, rud a chuidigh leis go mór nuair a chuaigh sé ag staidéar an léinn Ghearmánaigh san ollscoil i g[[Cíév]] san [[An Úcráin|Úcráin]]. Bhí sé ina Chumannach dhílis, agus nuair a d'ionsaigh an Ghearmáin an tAontas Sóivéadach, chuaighghlacsnapáirt san saighdiúiríarm. Ó bhí an Ghearmáinis go paiteanta aige, cuireadh i mbun na bolscaireachta é.
 
Nuair a tháinig an tArm Sóivéadach go dtí an Ghearmáin, chonaic Kopelev saighdiúirí Sóivéadacha ag éigniú ban agus ag dúnmharú sibhialaigh Ghearmánacha rompu, rud a bhain an-scanradh as. Bhí sé náirithe ag a mhuintir féin, agus d'fhéach sé leis na saighdiúirí a stopadh ó thuilleadh gníomhartha uafáis. Níor thaitin an dearcadh seo le lucht na seirbhísí rúnda, agus b'é deireadh an scéil gur gearradh téarma príosúntachta deich mbliana doar mo dhuine sna [[GULag|campaí géibhinn]].
 
Chaith sé an téarma agus corradh sna campaí, ach nuair a fuair Stalin bás, scaoileadh saor é. Fuair sé ar ais a chuid dintiúirí mar Chumannach i ndiaidh na hóráide faoi choireanna Stalin a thug Khrushchev ag an bhfichiú hArd-Fheis de chuid Pháirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh. Chrom sé ar ais ar a chuid oibre mar shaineolaí ar an léann Gearmánach, ach san am céanna, thosaigh sé ag cur suim i ngluaiseacht na n-easaontóirí agus ag tréigeantréigint an Chumannachais. Nuair a d'fhorghabh an tArm Sóivéadach an tSeicshlóvaic sa bhliain 1968, rinne sé agóid ina aghaidh, agus caitheadh amach as an bPáirtí Cumannach é.
 
Sa bhliain 1981, ruaigeadh Kopelev agus a bhean chéile as an Aontas Sóivéadach. ShocraighChuir siad síosfuthú sa Ghearmáin Thiar, áit a raibh cairde agus lucht aitheantais acu. Sa Ghearmáin dó, rinne Kopelev a dhicheall le maolú ar na réamhbhreithiúnais a bhí ag muintir na tíre sin i leith na Rúise, agus é ag iarraidh athmhuintearas agus comhthuiscint a chothú idir na Gearmánaigh agus na Rúisigh. In éineacht le [[Heinrich Böll]], d'fhoilsigh sé cupla leabharleabhair comhrá, inar phléigh an bheirt acu na cuimhní cinn a bhí acu ón Dara Cogadh Domhanda, a chuir ag lámhach a chéile iad.
 
Sa bhliain 1989, fuair Kopelev cead isteach sa Rúis arís, ach nuair a thaistil sé ar fud na tíre, agus é ag dul ar cuairt chuig seanchairde, fuairbhraithgomar raibhchomhthíoch, coimhthíosmar air,gheall agusar an dóigh ar athraigh an seanfhód idir an dá linn. D'fhill sé go dtí an Ghearmáin, agus chaith sé deireadh a shaoil i g[[Köln]].