An difríocht idir athruithe ar: "Lev Kopelev"

Content deleted Content added
DaithíÓ (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Is é "chuaigh sé sna saighdiúirí" an gnáthleagan i litríocht na Gaeltachta. Níl aon locht ar "agus é ina bhuachaill óg", ach is teilgean cainte é "ina bhuachaill óg dó" a ghiorraíonn an friotal.
Líne 1:
Scríbhneoir, scoláire agus easaontóir Sóivéadach ab ea é '''Lev Zinovyevich Kopelev''' (9 Aibreán 1912 - 18 Meitheamh 1997). Giúdach ab ea é, agus d'fhoghlaim sé an Ghearmáinis 'is é ina bhuachaill óg, rud a chuidigh leis go mór nuair a chuaigh sé ag staidéar an léinn Ghearmánaigh san ollscoil i g[[Cíév]] san [[An Úcráin|Úcráin]]. Bhí sé ina Chumannach dhílis, agus nuair a d'ionsaigh an Ghearmáin an tAontas Sóivéadach, ghlacchuaighpáirt sansna armsaighdiúirí. Ó bhí an Ghearmáinis go paiteanta aige, cuireadh i mbun na bolscaireachta é.
 
Nuair a tháinig an tArm Sóivéadach go dtí an Ghearmáin, chonaic Kopelev saighdiúirí Sóivéadacha ag éigniú ban agus ag dúnmharú sibhialaigh Ghearmánacha rompu, rud a bhain an-scanradh as. Bhí sé náirithe ag a mhuintir féin, agus d'fhéach sé leis na saighdiúirí a stopadh ó thuilleadh gníomhartha uafáis. Níor thaitin an dearcadh seo le lucht na seirbhísí rúnda, agus b'é deireadh an scéil gur gearradh téarma príosúntachta deich mbliana ar mo dhuine sna [[GULag|campaí géibhinn]].