An difríocht idir athruithe ar: "Jacques Labillardière"

Content deleted Content added
{{Bosca sonraí}} ++
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 23:
 
==San Mheán-Oirthear==
Sa bhliain 1786 d’iarr an rialtas air dul ar cuairt chun Ciprise, chun na Pailistíne agus chun na Siria. Choinnigh an phlá agus an cogadh sa tSiria é, agus shiúil sé Sliabh na Liobáine, áit a bhfuair sé amach nach raibh i bhforaois chlúiteach na gcéadras ach cúpla céad crann. Bhailigh sé plandaí agus fuair eolas ar bhéasa na nDrúsach agus na Marainíteach. Chrom se ar an tomhas freisin agus rinne amach airde na sléibhte. Tá sléibhte na Liobáine chomh hard sin go raibh aeráidí éagsúla le fail aige de reirréir na hairde – plandaí na dtíortha teo thíos, plandaí na dtíortha measartha leath slí suas, plandaí na dtíortha fuara láimh leis an mullach.<ref>Duyker (2003) lgh 37–51.</ref>
 
Thug se a aghaidh ar an Damaisc agus ansin ar an bhFrainc, agus é ag tabhairt cuairt ar an gCréit, ar na tSairdín agus ar an gCorsaic, áiteanna a sholáthair mórán plandaí dó. Ar ais sa Fhrainc dó thosaigh sé ag foilsiú cuntais ar a raibh déanta aige, saothar dar teideal ''Icones Plantarum Syrix rariorum descriptionibus et observationibus illustratæ'' (Páras 1791) nár chríochnaigh sé go dtí an bhliain 1812.