An difríocht idir athruithe ar: "Seiléiniam"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 14:
Faightear seiléiniam mar sheachthoradh nuair a bhítear ag mínghlanadh copair nó ag táirgeadh aigéid shulfaraigh. Púdar dearg dímhorfach a bhíonn ann ar dtús, ach ansin, leáitear go deora dubha é, agus is iad na liathróidí beaga a fhaightear ar an dóigh seo a bhíonn ar díol.
 
Ba é an ceimiceoir ceannródaíoch Sualannach [[Jöns Jacob Berzelius]] a d'aithin an seiléiniam mar dhúil ar leith. Is é an focal Gréigise ''σελήνη/seléné'' - ainm Gréigise na [[An Ghealach|Gealaí]] - is bunús d'ainm na dúile seo. Seachthoradh do tháirgeadh an aigéid shulfaraigh a bhí ann, an turas sin féin. Thuig Berzelius go raibh gaol nó baint ag an dúil seo leis an teallúiriam, a bhí ainmnithe as an Domhan (''tellus'', cf. ''talamh'' na Gaeilge), agus mar sin ba nádúrtha leis gur bhaist sé ainm na Gealaí ar an dúil áirithe seo.