An difríocht idir athruithe ar: "Ceoldráma spáis"

Content deleted Content added
m robot Adding: pt:Space Opera
Líne 7:
Is é an cineál scéal atá i gceist leis an cheoldráma spáis ná scéal eipiciúil eachtraíochta nár sparáladh an canbhás leathan air, agus imeachtaí an scéil seo ag titim amach sa spás. Go minic, ní bhíonn mórán "eolaíochtúlachta" ag roinnt leis na scéalta seo. Níl sna léasarghunnaí, na spásárthaí ná na cultacha brúchóirithe ach feistiú stáitse le cuma na hardteicneolaíochta a chur ar scéalta laochais den chineál thraidisiúnta. Déanta na fírinne, ní bheadh sé doiligh ná dodhéanta na scéalta Fiannaíochta agus Rúraíochta - na miotais Ghaelacha - a iompú ina gceoldrámaí spáis.
 
An dóigh a mbíonn an ceoldráma spáis i muinín mhúnlaí plotála na gnáth-mhiotaseolaíochta agus na gnáth-fhinscéalaíochta, tá sé le haithint, cuir i gcás, ar an chardáil a dhéantar ar an taisteal idir-réaltach - ar na turasanna ó ghrianchóras go grianchóras - sa cheoldráma spáis. Mar shampla, bíonn drogall agus leisce ar scríbhneoirí traidisiúnta an ''genre'' seo mórán taighde a dhéanamh ar an [[iarmhairt amleata]] mar ghléas amleata.
 
Is é is iarmhairt amleata ann ná an dóigh nach ionann an t-am don té atá ag fanacht sa bhaile agus don té atá ag dul go dtí [[Canopus]] (mar shampla) ar an spásárthach: de réir [[Albert Einstein|Einstein]], nuair a bhainfidh mo dhuine amach Canopus, beidh sé beo beathaíoch i gcónaí, má bhíonn luas an spásárthaigh sách gar do luas an tsolais - siúd is go bhfuil Canopus suite níos mó ná trí chéad solasbhliain ar shiúl uainn. Nuair a thiocfas mo dhuine ar ais ó Chanopus, áfach, ní aithneoidh sé an Domhan s'againn, nó beidh an t-am ar fad sleamhnaithe uaidh idir an dá linn, siúd is nár mhothaigh sé na blianta ag imeacht ar aon nós nuair a bhí sé féin ag déanamh a bhealaigh trasna an spáis.
 
Is iomaí scríbhneoir ficsin eolaíochta a ghlac buntáiste ar an iarmhairt amleata seo - nó "paradacsa an chupla", mar a bheirthear air fosta - le haghaidh plotála, ach ní spás-cheoldrámadóirí a bhí iontu. Is coinbhinsiún tábhachtach é de chuid an cheoldráma spáis a bheag a dhéanamh den amleathadh nó fiú gléas éigin teicneolaíochta a thabhairt isteach a chuireann ar ceal é - taisteal forsholasach, go bunúsach. Nó beidh sé i bhfad níos simplí gnáthscéal laochais faoin troid eadar Maith agus Olc a phlotáil gan chuimhne a choinneáil ar an dóigh a gcuirfeadh teoiric na coibhneasachta an t-am as a riocht.