An difríocht idir athruithe ar: "Jules Verne"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Scríbhneoir úrscéalta éadroma eachtránaíochta ón bhFrainc a bhí i '''Jules Gabriel Verne''' (a tháinig chun saoil i Nantes ar an 8 Feabhra 1828, agus a fuair bás in Amiens ar an 24 Márta 1905) agus é ina cheannródaí don fhicsean eolaíochta. Tá sé ar duine de na scríbhneoirí is mó a aistrítear go teangacha eile, agus chuaigh a chuid eachtraí sciobtha dúisitheacha i bhfeidhm ar an dúrud glún de léitheoirí óga. Is iad na húrscéalta úd ''Voyage au centre de la Terre'' ("An Turas go Lárphointe an Domhain"), ''De la Terre à la Lune'' ("Ón Domhan go dtí an Ghealach"), ''Vingt Mille Lieues sous les Mers'' ("Fiche Míle Léig faoi na Farraigí"), "Cuairt na Cruinne in Ochtó Lá" (bunsaothar: ''Le Tour du Monde en Quatre-Vingts Jours''; Torna a d'aistrigh go Gaeilge) agus ''L'Île Mysterieuse'' ("An tOileán Rúndiamhair"), ach go háirithe, a thabhaigh a chlú dó, ach bhí sé bisiúil thar na bearta, agus bhreac sé síos a lán eile freisin.
 
Bhí Verne in ann aireagáin na fichiú haoise agus an tionchar a bheadh acu ar an saol a shamhlú roimh ré, rud a thuill clú an fháidh dó lenár linn féin.