An difríocht idir athruithe ar: "Cath Chluain Tarbh"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 25:
Bhuail Brian Bóirmhe agus a chéile comhraic [[Máel Sechnaill mac Domnail]]l - Rí na Mí agus Ard-Ri na hÉireann roimh Bhrian - le chéile i g[[Cluain Fearta]] sa bhliain 997, agus d'aontaigh an bheirt go dtabharfaidís aitheantas don chuid den oileán a bhí á rialú acu ag an bpointe seo. Bhíodh Brian Bóirmhe ag ionsaí thalún Mháel Sechnaill ar bhun leanúnach, agus ghéill sé a chuid dóibh dá bharr.
 
Sa bhliain 1012, d'éirigh Rí Laighean [[Máel Mórda mac Murchada]] amach. Níor bhain Brian Bóirmhe feidhm as an lámh láidir ar an toirt, ach shocraigh sé póstaí tábhachta ina áit. Thug sé a iníon mar bhean do Sitric II, rí na Lochlannach i mBaile Átha Cliath, agus phós Brian féin Gormlaith, máthair Sitric agus deirfiúr Mháel Mórda). Níor mhair an socrú seo ró-fhad, áfach. Bhí Máel Mórda agus Sitric réidh chun troda arís sa bhliain 1013, agus Máel Mórda faoi bhrú ag a bhean Gormlaith dul i ngleic le Brian. Bhí slua maith de clanna na tíre a bhí éadmhar as cumhacht Bhrian, agus d'aontaigh iad go léir le chéile.
 
Mar fhreagra, chuir Brian Gormlaith faoi ghlas agus rinne sé ionsaithe ar fud Bhaile Átha Cliath chun Gaeil na cathrach a choimeád as arm na Lochlannach. Ag an am céanna, sheol Gormlaith teachtaireacht chuig Sigurd Hlodvisson, iarla Lochlannach na nInse Orc. Ní hamháin gur gheall sé cabhair di, ach thóg sé Brodir ó [[Oileán Mhanainn]] ina éineacht mar chomhluadar. Bhí sé de phlean ag an bheirt an fear eile a mharú tar éis an chatha, agus coróin na hÉireann a thógáil dó féin.