An difríocht idir athruithe ar: "Aigéad sulfarach"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Is é an t-'''aigéad sulfarach''' (H<sub>2</sub>SO<sub>4</sub>) ocsaigéad an tsulfair, agus is é an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an sulfar ann ná +6. "Ola vitriail" an seanainm. Tá sé intuaslagtha san uisce i ngach coibhneas measctha, agus is aigéad láidir agus ocsaídeoir láidir é araon. Tá sé in ann uisce a bhaint as móilíní orgánacha freisin, agus úsáidtear i bpróisis cheimiceacha é dá réir. Is amhábhar agus imoibreán ardtábhachtach é sa tionsclaíocht. Is í an trí-ocsaíd sulfair, SO<sub>3</sub>, is ainhidríd don aigéad sulfarach - is é sin, an chomhdhúil a thabharfaidh aigéad sulfarach má imoibríonn sé leis an uisce.
 
Faightear aigéad sulfarach trí shulfar a ocsaídiú. Ar dtús, dóitear sulfar go [[dé-ocsaíd sulfair]] SO<sub>2</sub>. San ocsaíd seo, áfach, níl an sulfar ach +4 ar uimhir ocsaídiúcháin, agus mar sin, tá sé riachtanach é a ocsaídiú go +6, rud a dhéantar trí thuilleadh ocsaigine a thabhairt don dé-ocsaíd agus an pheantocsaíd vanaidiam, V<sub>2</sub>O<sub>5</sub>, ag catalú an imoibriúcháin. Ansin, gheofar an trí-ocsaíd. Imoibriú an-eisiteirmeach é, áfach, imoibriú na trí-ocsaíde sulfair leis an uisce, is é sin, scaoiltear a lán fuinnimh saor dá thoradh, agus is deacair srianta maithe a choinneáil leis an imoibriú seo fiú faoi imthoscaí na monarchan. Mar sin, is é an rud a dhéantar ná go dtuaslagtar an trí-ocsaíd san aigéad sulfarach tiubhaithe, ionas go bhfaighfear leacht tromghluaiste ar a dtugtar ''oleum''. Focal Laidine é ''oleum'' a chiallaíonn "ola", ach i ndéantús an aigéid shulfaraigh, is é is brí leis ná meascán as aigéad sulfarach agus cineál polaiméirí, ar nós an dé-aigéad sulfarach H<sub>2</sub>S<sub>2</sub>O<sub>7</sub>. Ansin, cuirfear an t-uisce leis an ''oleum'' go cúramach, go dtí go mbeidh sé ina aigéad sulfarach glan.