An difríocht idir athruithe ar: "Aigéad sulfarach"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 3:
Faightear aigéad sulfarach trí shulfar a ocsaídiú. Ar dtús, dóitear sulfar go [[dé-ocsaíd sulfair]] SO<sub>2</sub>. San ocsaíd seo, áfach, níl an sulfar ach +4 ar uimhir ocsaídiúcháin, agus mar sin, tá sé riachtanach é a ocsaídiú go +6, rud a dhéantar trí thuilleadh ocsaigine a thabhairt don dé-ocsaíd agus an pheantocsaíd vanaidiam, V<sub>2</sub>O<sub>5</sub>, ag catalú an imoibriúcháin. Ansin, gheofar an trí-ocsaíd. Imoibriú an-eisiteirmeach é, áfach, imoibriú na trí-ocsaíde sulfair leis an uisce, is é sin, scaoiltear a lán fuinnimh saor dá thoradh, agus is deacair srianta maithe a choinneáil leis an imoibriú seo fiú faoi imthoscaí na monarchan. Mar sin, is é an rud a dhéantar ná go dtuaslagtar an trí-ocsaíd san aigéad sulfarach tiubhaithe, ionas go bhfaighfear leacht tromghluaiste ar a dtugtar ''oleum''. Focal Laidine é ''oleum'' a chiallaíonn "ola", ach i ndéantús an aigéid shulfaraigh, is é is brí leis ná meascán as aigéad sulfarach agus cineál polaiméirí, ar nós an dé-aigéad sulfarach H<sub>2</sub>S<sub>2</sub>O<sub>7</sub>. Ansin, cuirfear an t-uisce leis an ''oleum'' go cúramach, go dtí go mbeidh sé ina aigéad sulfarach glan.
 
Tugtar sulfáití ar shalainn an aigéid seo. Tá an chuid is mó acu sothuaslagtha san uisce, ach is eisceachtaí iad sulfáití na miotal cré-alcaileach, ar nós sulfáit chailciam (gipseam, plástar gipsim), sulfáit strointiam, sulfáit bhairiam, agus sulfáit raidiam. Tá an tsulfáit raidiam ar an tsulfáit is dothuaslagtha ar fad. Is mianraí nádúrtha iad a lán sulfáití, na cinn seo mar shampla:
 
* bairít (sulfáit bhairiam)
 
* ceilistít (sulfáit strointiam)
 
* anglaisít (sulfáit luaidhe)
 
* ainhidrít (sulfáit chailciam, agus í saor ó uisce)
 
* gipseam (sulfáit chailciam, agus uisce mar chuid de struchtúr an chriostail)
 
* calcaintít (sulfáit chopair)
 
* mianraí éagsúla sulfáite maignéisiam (cíosairít, eapsaimít, agus a lán eile)
 
* meilintirít (sulfáit iarainn)