An difríocht idir athruithe ar: "An Rómáinis"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 24:
Tá na teangacha Balcánacha go léir sách cosúil le chéile - is é an téarma a úsáideann na teangeolaithe go minic ná ''Sprachbund'', focal Gearmáinise a chiallaíonn "comhghuaillíocht teangacha". Cé nach bhfuil dlúthghaol ach ag cuid de na teangacha seo le chéile, is féidir cosúlachtaí a aithint ar ghramadach na dteangacha seo go léir de thoradh an tionchair a bhí acu ar a chéile i rith na gcéadta bliain. "Balcánachas" den chineál seo atá i gceist le saintréithe áirithe gramadúla a aithnítear ar an Rómáinis freisin: cuirtear an t-alt deimhneach le deireadh an fhocail mar a bheadh iarmhír ann: ''codru'' "coill, foraois", ''codrul'' "an choill, an fhoraois"; níl infinideach ag na briathra (ach oiread le briathra na Gaeilge, dála an scéil); agus cruthaítear an aimsir fháistineach trí úsáid a bhaint as leagan ídithe an bhriathair a chiallaíonn, go stairiúil, "is mian liom, teastaíonn uaim": ''voi face'' "déanfaidh mé" (is é ''face'' foirm an tríú pearsa san aimsir láithreach: ''déanann''; agus tá ''voi'' bunaithe ar ''volo'' na Laidine).
 
Tháinig cuid mhaith focal iasachta ó na teangacha Slavacha. Glactar leis gur tháinig focal as gach ceathrar sa Rómáinis ón tSlaivis. D'imir an Ghréigis, an Ungáiris, an Ghearmáinis agus an Tuircis a dtionchar ar stór focal na teanga freisin.
 
Ón naoú haois déag ar aghaidh, áfach, tá na Rómánaigh ag iarraidh an teanga a "ath-Rómhánú" agus iad ag tarraingt ar an bhFraincis, ar an Iodáilis agus ar an Laidin le haghaidh téarmaí nua. Tá tionchar na Fraincise ar an teanga láidir go maith, agus dúil ag na Rómánaigh i dteanga agus i gcultúr na Fraince le fada an lá. Chuaigh a lán Rómánach go dtí an Fhrainc ar lorg na saoirse agus le teacht slán ó na cineálacha éagsúla daorsmachta a bhí ag crá a dtíre, agus bhain scríbhneoirí ón Rómáin clú agus cáil amach leis an máistreacht a bhí acu ar an bhFraincis.