An difríocht idir athruithe ar: "Caisleán na Cnapóige"

Content deleted Content added
Tús ailt.
 
Eolas staire nua agus nasc seachtrach
Líne 1:
[[Íomhá:Knappogue Castle.jpg|thumb|deas|250px|Caisleán na Cnapóige]]
 
[[Caisleán]] de chuid an 15ú haois atá suite i g[[Contae an Chláir]] in [[Éire|Éirinn]] is ea '''Caisleán na Cnapóige'''. Tógadh é do Sheán Mac Con Mara sa bhliain [[1467]]. Tá athchóiriú nua-aimseartha déanta air agus úsáidtear é sa lá atá inniu ann chun féastaí meánaoiseacha a chur i láthair do thurasóirí.
 
==Stair==
 
Tógadh an caisleán do Sheán Mac Con Mara, taoiseach Gaelach, fear a chuir bailchríoch ar thógáil [[Chaisleán Bhun Raite|Chaisleán Bhun Raite]] chomh maith tar éis dá athair, Siodha, tús a chur leis an obair. Ba phátrún flaithiúil é Seán de chuid na h[[An Eaglais Chaitliceach|Eaglaise Caitlicí]] chomh maith agus d'íoc sé as tógáil [[Mhainistir Chuinche|Mhainistir Chuinche]] chomh maith. Cuireadh garasún de chuid Rialtas Shasana i gceannas ar an gcaisleán in aimsir [[Oilibhéar Cromail|Chromail]] agus bronnadh tionóntacht na Cnapóige ar Arthur Smith, saighdiúir Cromalach, tar éis do mhuintir Mhic Con Mara tacú leis an rí i rith an chogaidh, ach tugadh an caisleán agus a dtailte ar ais dóibh tar éis do [[Séarlas II Shasana|Shéarlas II]] teacht i gcoróin.
 
Dhíol Proinsias Mac Con Mara an caisleán le muintir Scott i rith 1800 agus chaith siadsan cuid mhaith airgid ag déanamh athchóiriú air. Cheannaigh Theobold Fitzwalter Butler, 14ú hIarla Dhún Búinne, é sa bhliain 1855 agus lean sé den obair athchóirithe a thosaigh muintir Scott, chomh maith le príomháit chónaithe theaghlach Dhún Búinne a dhéanamh de. Bhíodh Comhairle Contae an Chláir á tionól ansin i rith [[Cogadh na Saoirse (Éire)|Chogadh na Saoirse]] agus d'úsáid An Ginearál Michael Brennan, oifigeach ceannaireachta an cholúin reatha áitiúil, an foirgneamh mar cheanncheathrú i rith na tréimhse céanna.
 
 
==Naisc sheachtracha==
 
* [http://www.shannonheritage.com/Attractions/KnappogueCastleWalledGarden/ Eolas turasóireachta faoi Chaisleán na Cnapóige]
 
[[Catagóir:Caisleáin na hÉireann|Cnapóige, Caisleán na]]