An difríocht idir athruithe ar: "Cath Chluain Tarbh"

Content deleted Content added
Líne 23:
Bhí na [[Lochlannaigh]] is na [[Danair]] ag teacht i dtír in Éirinn ón 9ú aois, agus rinneadar an-réabadh ar bhailte agus mainistreacha na hÉireann. Bhí an chuid ba mhó den oileán faoi riail ag Brian Bóirmhe ón bhliain 1002, ach ní tír aontaithe a bhí ann ar chor ar bith, cé go raibh an teideal Ard-Rí na hÉireann bronnta air. Mar thoradh, bhí sé de sprioc ag Brian Bóirmhe talamh an oileáin ar fad a aontú faoina cheannas féin.
 
Bhuail Brian Bóirmhe agus a chéile comhraic [[Máel Sechnaill mac Domnail]]l - Rí na Mí agus Ard-Ri na hÉireann roimh Bhrian - le chéile i g[[Cluain Fearta]] sa bhliain 997, agus d'aontaigh an bheirt go dtabharfaidís aitheantas don chuid den oileán a bhí á rialú acu ag an bpointe seo. Bhíodh Brian Bóirmhe ag ionsaí thalún Mháel Sechnaill ar bhun leanúnach, agus ghéill sé a chuid dóibh dá bharr.
 
Sa bhliain 1012, d'éirigh Rí Laighean [[Máel Mórda mac Murchada]] amach. Níor bhain Brian Bóirmhe feidhm as an lámh láidir ar an toirt, ach shocraigh sé póstaí tábhachta ina áit. Thug sé a iníon mar bhean do Sitric II, rí na Lochlannach i mBaile Átha Cliath, agus phós Brian féin Gormlaith, máthair Sitric agus deirfiúr Mháel Mórda). Níor mhair an socrú seo ró-fhad, áfach. Bhí Máel Mórda agus Sitric réidh chun troda arís sa bhliain 1013, agus Máel Mórda faoi bhrú ag a bhean Gormlaith dul i ngleic le Brian. Bhí slua maith de clanna na tíre a bhí éadmhar as cumhacht Bhrian, agus d'aontaigh iad go léir le chéile.