An difríocht idir athruithe ar: "Teangacha Slavacha"

Content deleted Content added
m Naisc
No edit summary
Líne 3:
Is gnách na teangacha Slavacha a dheighilt ina dtrí bhrainse:
[[Íomhá:Slavic europe.png|thumb|Limistéir: {{legend|#7cdc87|Teangacha Slavacha an Oirthir}} {{legend|#008000|Teangacha Slavacha an Iarthair}} {{legend|#004040|Teangacha Slavacha an Deiscirt}} ]]
[[Íomhá:Slavic languages.png|thumb|350px|Teangacha Slavacha]]
 
* [[teangacha Slavacha an Oirthir]], mar atá, an [[Rúisis]], an [[Bealarúisis|Bhealarúisis]], agus an [[Úcráinis]]. Ceann de theangacha móra an domhain í an Rúisis, agus traidisiún fada liteartha aici. Maidir leis an mBealarúisis agus an Úcráinis, bhí siad faoi chois na Rúisise ar feadh i bhfad, rud a chuir isteach ar iarrachtaí a gcaighdeánaithe agus a saothraithe. Bhí siad go mór faoi thionchar na Polainnise, nuair a bhí an Rúisis faoi thionchar na Sean-Slaivise Eaglasta.
 
Líne 10:
* [[teangacha Slavacha an Iarthair]], mar atá, an [[Polainnis|Pholainnis]], an t[[Seicis]], an t[[Slóvaicis]], an [[Caisiúibis|Chaisiúibis]], an dá leagan den t[[Sorbais]], an t[[Siléisis]], agus an [[Poláibis|Pholáibis]]. Sa Pholainn, glactar leis an gCaisiúibis mar chanúint Polainnise, agus sin é an dearcadh atá ag lucht a labhartha féin ar a dteanga. Bhí a leithéid de theanga agus Pomaráinis nó Slóivinsis á labhairt in oirthear na [[An Ghearmáin|Gearmáine]] go dtí [[an Dara Cogadh Domhanda]], agus dealraíonn sé gur canúint de chuid na Caisiúibise a bhí ann, ach is é an bharúil a bhí ag na cainteoirí dúchais féin gur Gearmánaigh a bhí iontu. I ndiaidh an chogaidh, d'éalaigh siad go dtí an Ghearmáin, agus d'éag a dteanga ansin. Maidir leis an tSiléisis, is gnách leis na Polannaigh a shíleadh gur canúint Polainnise atá ann a chuaigh ar strae ó nach raibh na cainteoirí i dteagmháil leis an bPolainnis chaighdeánach ach i ndiaidh an dara cogadh domhanda. Teanga mharbh í an Pholáibis a bhí á labhairt timpeall [[Hannover]] i gceantar tuaithe ar a dtugtar ''Wendland'' (''Wend'' an t-ainm a bhí ag na Gearmánaigh ar na treibheacha Slavacha cosúil leis na Sorbaigh agus leis na Polábaigh) go dti an [[18ú haois|t-ochtó haois déag]].
 
* [[teangacha Slavacha an Deiscirt]]. Is í an tSeirbea- an Chróitis an ceann is líonmhaire acu seo, ach ó tháinig deireadh leis [[an Iúgslaiv]] mar thír, tá na [[Seirbigh]], na [[Crótaigh]] agus na [[Bosnaigh]] ag iarraidh caighdeáin ar leith a fhorbairt agus béim a chur ar na difríochtaí idir na tíortha éagsúla. Is amhlaidh, áfach, go bhfuil gach sórt Seirbea- an Chróitise bunaithe ar an gcanúint ''Štokavski'' - an ceann is mó den trí phríomhchanúint a labhraítear i limistéar teanga na Seirbea- an Chróitise. Maidir leis an dá phríomhchanúint eile, an ''Kajkavski'' agus an ''Čakavski'', ní labhraítear ach i gceantair áirithe den Chróit iad. Sa [[An Chróit|Chróit]] féin, áfach, tá an teanga chaighdeánaithe bunaithe ar an gcanúint ''Štokavski''. - Is iad an t[[Slóivéinis]], an Bhulgáiris agus an [[Macadóinis|Mhacadóinis]] an trí cinn eile de theangacha Slavacha an Deiscirt, cé go bhfuil a lán mionchanúintí ann arbh fhéidir iad a aithint mar theangacha ar leith, cosúil leis an teanga ''Chróit-Bunjevac'' sa Vóvaidín nó an teanga ''Šopski'' atá idir eatarthu idir an tSeirbis, an [[Macadóinis|Mhacadóinis]], agus an [[Bulgáiris|Bhulgáiris]].
 
Tá an Bhulgáiris agus an Mhacadóinis an-chosúil le chéile, agus is í an phríomhdhifríocht eatarthu go raibh an Bhulgáiris go mór faoi thionchar na Rúisise agus na Sean-Slaivise Eaglasta ó thaobh na nua-théarmaíochta de, agus an Mhacadóinis níos mó i dtuilleamaí na gnáthchainte agus na n-iarmhíreanna a bhí beo sa ghnáthchaint le nua-théarmaí a chumadh.