An difríocht idir athruithe ar: "Scéim Aistriúcháin an Ghúim"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 18:
==Criticeoireacht==
 
Ina dhiaidh sin féin, bhí scríbhneoirí Gaeltachta míshásta le gnéithe áirithe d'obair an Ghúim agus den scéim aistriúcháin. Thug [[Máirtín Ó Cadhain]] "[[Róbat|róbó]] aistriúcháin an Stáit" ar an nGúm agus mhaígh sé nach raibh i gcuid mhaith de na leabhair a aistríodh ach saothair den tríú nó den cheathrú grád <ref>Luaite ar Ó Cathasaigh 2002, lch 23.</ref>. Sa bhliain 1949, thug an Cadhnach léacht uaidh faoi chúrsaí litríocht na Gaeilge a foilsíodh ina dhiaidh sin ar ''Feasta'', míosachán Chonradh na Gaeilge, faoin teideal ''Tuige nach bhfuil litríocht na Gaeilge ag fás?'' Is é an breithiúnas a thug sé ar obair an Ghúim ná:
 
''Ní gnách labhairt ar litríocht na Gaeilge gan an Gúm a ionsaí. Is beag milleán a cuireadh ariamh air nár thuill sé. Ar láthair na huaire is mó a dhochar ná a shochar.'' <ref>Ó Cadhain 1990, lch 86</ref>