An difríocht idir athruithe ar: "Cath Chluain Tarbh"

Content deleted Content added
No edit summary
~~
Líne 21:
 
== Cúlra ==
Bhí na [[Lochlannaigh]] is na [[Danair]] ag teacht i dtír in Éirinn ón [[9ú haois|9ú aois]], agus rinneadar an-réabadh ar bhailte agus mainistreacha na [[Éire|hÉireann]]. Bhí an chuid ba mhó den oileán faoi riail ag Brian Bóirmhe ón bhliain 1002, ach ní tír aontaithe a bhí ann ar chor ar bith, cé go raibh an teideal [[Ard-Rí na hÉireann]] bronnta air. Mar thoradh, bhí sé de sprioc ag Brian Bóirmhe talamh an oileáin ar fad a aontú faoina cheannas féin.
 
Bhuail Brian Bóirmhe agus a chéile comhraic [[Máel Sechnaill mac DomnailDomnaill]]l - Rí na Mí agus Ard-Rí na hÉireann roimh Bhrian - le chéile i g[[Cluain Fearta]] sa bhliain 997, agus d'aontaigh an bheirt go dtabharfaidís aitheantas don chuid den oileán a bhí á rialú acu ag an bpointe seo. Bhíodh Brian Bóirmhe ag ionsaí thalún Mháel Sechnaill ar bhun leanúnach, agus ghéill sé a chuid dóibh dá bharr.
 
Sa bhliain 1012, d'éirigh Rí Laighean [[Máel Mórda mac Murchada]] amach. Níor bhain Brian Bóirmhe feidhm as an lámh láidir ar an toirt, ach shocraigh sé póstaí tábhachta ina áit. Thug sé a iníon mar bhean do [[Sitric II]], rí na Lochlannach i mBaile Átha Cliath, agus phós Brian féin Gormlaith, máthair Sitric agus deirfiúr Mháel Mórda). Níor mhair an socrú seo ró-fhad, áfach. Bhí Máel Mórda agus Sitric réidh chun troda arís sa bhliain 1013, agus Máel Mórda faoi bhrú ag a bhean Gormlaith dul i ngleic le Brian. Bhí slua maith de clanna na tíre a bhí éadmhar as cumhacht Bhrian, agus d'aontaigh iad go léir le chéile.
 
Mar fhreagra, chuir Brian Gormlaith faoi ghlas agus rinne sé ionsaithe ar fud Bhaile Átha Cliath chun Gaeil na cathrach a choimeád as arm na Lochlannach. Ag an am céanna, sheol Gormlaith teachtaireacht chuig Sigurd Hlodvisson, iarla Lochlannach na nInse Orc. Ní hamháin gur gheall sé cabhair di, ach thóg sé Brodir ó [[Oileán Mhanainn]] ina éineacht mar chomhluadar. Bhí sé de phlean ag an bheirt an fear eile a mharú tar éis an chatha, agus coróin na hÉireann a thógáil dó féin.
Líne 36:
D'eagraigh na Lochlannaigh iad féin ina gcúig ranna ar ghort an chatha, le Sitric féin agus míle dá fhir ag fanacht réidh sa chathair. Bhí mac Shitric i gceannas ar ghrúpa de mhíle fear ón chathair ar an taobh clé den líne, agus bhí trí mhíle fir ó Laighin ag Máel Mórda eagraithe i dhá roinn. Cé go raibh slua mór acu, ní raibh siad armáilte chomh maith is a bhí na Lochlannaigh ar a ndá thaobh. Sheas míle de Lochlannaigh óna hInse Orc i lár na páirce, le míle eile faoi cheannas Brodir ar dheis, ar na dtránna.
 
Bhí Gaeil Bhrian eagraithe beagnach mar an gcéanna. Ar dheis (clé na Lochlannach), bhí míle saighdiúir tuarastail agus Lochlannaigh ón Oileán Mhanainn. Go díreach in aice leo, bhí míle go leith fear agus a ríthe as clanna [[Connacht|Chonnacht]], dhá mhíle laoch [[Mumhan]] faoi cheannas Mhurchad, mac Bhrian, chun tosaigh, míle agus ceithre chéad de Dál Cais ar chlé faoi cheannas [[Toirdhealbhach Ua Briain]] mhic Mhurchad cúig bhliain déag, agus deartháir Bhrian Cuduiligh.
 
Cuireadh tús leis an troid féin le roinnt maslaí pearsanta óna fir ón dá thaobh, agus beirt nó triúr dóibh ag dul amach i mbun troda pearsanta in amharc a chéile, leis na sluaite ag screadail agus ag béiceadh. De réir a chéile, thosaigh na fórsaí ag druidim níos giorra dá gcéile, agus bhris an cogadh ceart amach go luath ar maidin.