An difríocht idir athruithe ar: "Raymond Chandler"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Scríbhneoir scéalta bleachtaireachta agus scriptscríbhneoir scannán a bhí i '''Raymond Thornton Chandler''', a rugadh i Chicago ar an 23 Iúil 1888 agus a fuair bás ...'
 
No edit summary
Líne 1:
Scríbhneoir scéalta bleachtaireachta agus scriptscríbhneoir scannán a bhí i '''Raymond Thornton Chandler''', a rugadh i Chicago ar an 23 Iúil 1888 agus a fuair bás i San Diego ar an 26 Márta 1959. Bhí an-tionchar ag a stíl "chruabhruite", mar a deirtear, ar na scéalta bleachtaireachta, ar an gcineál daoine a bhíonn le feiceáil iontu agus ar an gcineál stíle a chleachtar iontu inniu. Is é príomhlaoch a chuid scéalta, Philip Marlowe, ionchollú an "bhleachtaire phríobháidigh" mar a shamhlaítear dúinn inniu é.
 
Cé gur rugadh sna Stáit Aontaithe é, chaith sé blianta a óige i Sasana. Nuair a bhí sé ina fhear óg, d'fhill sé go Meiriceá ag iarraidh a áit féin a aimsiú sa saol. Liostáil sé sna saighdiúirí sa Chéad Chogadh Domhanda, agus chaith sé seal ag troid. I ndiaidh an chogaidh, d'fhill sé go Los Angeles. Phós sé bean a bhí ocht mbliana déag ní ba sine ná é, agus sna 1930idí, nuair a chaill sé a jab, chuaigh sé le garrfhicsean mar shlí bheatha. D'éirigh leis an scríbhneoireacht, agus sna 1940idí, thosaigh sé ag obair ina scriptscríbhneoir i Hollywood. Fuair a bhean chéile bás sa bhliain 1954.
 
Ní raibh sé ina dhuine sona riamh. Bhí sé tugtha don bhiotáille, agus dúlagar intinne ag goilleadh air. Chuaigh na deacrachtaí seo chun olcais i ndiaidh bhás a mhná céile. Bhí sé mór le cúpla bean ina dhiaidh sin, ach ní raibh mórán maithe sna cumainn seo, agus bhí níos mó ná bean amháin ag déanamh gur homaighnéasach a bhí ann agus é á shéanadh féin.
 
Scríobh sé cuid mhór scéalta, ach is iad na húrscéalta ''The Big Sleep'' agus ''The Long Goodbye'' na cinn ba mhó a thuill clú dó.