An difríocht idir athruithe ar: "Daingniú"
Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: ar:حصن |
Colin Ryan (plé | dréachtaí) No edit summary |
||
Líne 1:
[[[Image:Table of Fortification, Cyclopaedia, Volume 1.jpg|thumb|Cuntas ón [[Cyclopaedia, or, An universal dictionary of arts and sciences|''Cyclopaedia'' (1728)]] ar na daingnithe.]]
Is éard is '''daingniú''' ann áit a threisiú lena cosaint ar ionsaí míleata.
==Bunphrionsabail==
Líne 11:
==Stair==
Is dócha gur baineadh úsáid as na daingnithe sa chéad dul síos chun sráidbhailte a chosaint. I lár na hEorpa thógadh na Ceiltigh “oppida” – bailte daingnithe
[[Image:Buhen3.jpg|thumb|200px|right|Léaráid de dhaingean Buhen san Éigipt timpeall na bliana 1800BC.]]
Chuir na brící pluda ar chumas daoine múrtha arda a thógáil agus daingniú de shaghas nua a chleachtadh. Tharla seo ar dtús i gceantair mhéithe an mheánoirthir, áit ar lig an córas sóisialta mórán oibrithe a choinneáil i mbun tógála ar feadh i bhfad agus ar tháinig ríochtaí cumhachtacha i dtreis dá bharr. Sna bólaí sin a tógadh na chéad chathracha móra múrtha.
Bhain na hAsaírigh feidhm as na sluaite sclábhaithe chun páláis, teampaill agus múrtha a thógáil. <ref>Fletcher, 1996, lch 20.</ref> Tá Uruk, áit i Sumar na Measpatáime, ar na cathracha múrtha is ársa. Roimhe sin bhí múr timpeall chathair (nó phrótachathair) Ireachó chomh luath le hocht míle bliain
Bhí bailte daingnithe le fáil i nGleann na hIndia. Faoin mbliain 3500
Líne 27:
Chum na sean-Ghréagaigh agus na Rómhánaigh modhanna nua léigir, agus cumadh airm nua ar nós an chatafailt, an bhailiste agus an túr léigir. Chun imshuí den saghas sin a chur i gcrích b’éigean ullmhú fada a dhéanamh, agus thógfaí port (port dúbailte go minic) leis an áit a bhí faoi léigear a thimpeallú agus teacht roimh mhionruathar nó roimh arm tarrthála.
[[Image:Romeinse wachttoren fort vechten netherlands.jpg|thumb|left|Leagan atógtha de thúr faire Rómhánach (''specula'' nó ''vigilarium'') san Ísiltír. Bheadh múr agus díog timpeall a leithéide fadó.]]
Bhí na Rómhánaigh
Nuair a threascair na Gearmánaigh an Impireacht in Iarthar Eorpa tháinig an daingean chun tosaigh arís mar áit dídine an tiarna áitiúil, agus ní raibh an chathair mhór mhúrtha le feiceáil arís go ceann tamaill eile.
Thosaigh an daingniú sa tSín luath go leor. Sa Ríora Shang (timpeall 1600 – 1050 BC) agus ó shin amach
[[Image:Jinshangling2.jpg|thumb|200px|right|Múr Mór na Síne.]]
Líne 47:
[[Image:Krakow Fort31 20070413 1756.jpg|thumb|Daingean Ostra-Ungárach 31 (''Benedykt'') i nDaingean Kraków.]]
Bunaíodh mórán bailte móra, go háirithe in Oirthear Eorpa, mar chuid d’fhairsingiú críche i ré an choilínithe oirthearaigh (Ostsiedlung). Is furasta a leithéidí a aithint de bharr a leagain amach rialta agus a gcuid margaí móra. Bailte daingnithe ba ea iad, agus ní raibh stad acu ach ag
[[Image:Chateau-Thierry castle fortification.jpg|thumb|Múrtha [[Château-Thierry]], Aisne, an Fhrainc.]]
Cumadh na chéad ghunnaí móra sna meánaoiseanna déanacha. Ar dtús níorbh fhearr iad ná na sean-innill léigir, ach mhéadaigh ar a n-éifeacht de réir mar a d’fheabhsaigh an déantús. D’éirigh siad níos láidre agus níos soláimhsithe, agus tháinig feabhas ar na hurchair – liathróidí cré-umha agus iarainn. Chomh maith leis sin, bhí lámhach na ngunnaí ag éirí níos tapa agus b’fhéidir na gunnaí a dhíriú ar áit áirithe chun bearna a dhéanamh i múr ar bith. Níorbh fholáir don daingniú athrú dá réir.
Chuimhnítí ar an imshuí mar chomhrac idir na gunnaí a bhí ag ionsaí an daingin agus na gunnaí a bhí á chosaint. Ba é aidhm an lucht daingnithe, mar sin, buntáiste a thabhairt do ghunnaí an daingin. De réir a chéile d’éirigh na múrtha agus na túir níos ísle; tháinig feinistrí gunna in áit na gcíortha lámhaigh; agus tosaíodh ag tógáil daingnithe ar dícheangal timpeall an phríomhdhaingin chun go gcuirfí moill ar an namhaid agus gan dídean a thabhairt dóibh.
==An Nua-Aois==
Tar éis chogadh neamhspleáchais na hÍsiltíre sa 16ú haois tháinig scoil Ghearmánach daingnithe i réim. Mhol sí an claonfort mar limistéar gan dídean timpeall an daingin, agus
Thug [[Jean Errard]], Francach, cuntas foirmiúil ar na modhanna nua daingnithe sa bhliain 1600. Thomhais sé an t-achar ba cheart a bheith idir na daingnithe i bhfianaise raon na mionarm, agus mhol sé an lámhach trasnála. Chuir [[Antoine Deville]] agus [[Blaise François Pagan |Blaise de Pagan]] leis an gcomhairle seo, agus iad ag tabhairt aird ar leith ar úsáid na ndúnchlaí chun dídean agus misneach a thabhairt do na cosantóirí. Is amhlaidh gur beartaíodh prionsabal na fadchosanta, prionsabal a shaothraigh máistrí eile ar nós [[Sébastien Le Prestre de Vauban|Vauban]].
[[Image:Bastion Castle Siklós.jpg|thumb|right|Radharc
== Úsáid na nDaingnithe ==
Ní mór idirdhealú a dhéanamh idir daingnithe sealadacha (uchtbhallaí machaire agus
Ag seo comharthaí sóirt na ngnáthdhaingnithe ón 16ú haois i leith
Thógfaí carn cré nó rampar timpeall na háite a bhí le cosaint. Chuirtí na gunnaí móra agus na saighdiúirí ar an gcuid uachtarach den rampar (an ''terre-pleine''), áit a mbíodh uchtbhalla mar chosaint, é timpeall ocht dtroigh ar airde agus finistir ghunna ann uaireanta. Taobh amuigh den uchtbhalla bhíodh díog le fáil agus í timpeall dhá throigh déag ar doimhne.
Ba é [[Sébastien Le Prestre de Vauban|Vauban]], innealtóir Francach le linn Louis XIV, ba mhó a chuir tús leis an daingniú eolaíoch, agus tairbhe á bhaint aige as na hurdhúnta.
Line 84 ⟶ 85:
Ní raibh mórán maitheasa sna seandaingnithe sa mhéid gur dheacair scaoileadh leis an namhaid agus iad siúd cóngarach do na múrtha. Anois b’fhéidir an t-imbhallaí féin a chosaint le gunna mór agus gunnaí eile a dhíriú ar thargaidí eile níos faide amach.
*''Leath-Urdhún'': Níl ach éadán amhain agus cliathán amháin aige. Chun uillinn róghéar a dhaingniú, ghearrtar an rinn agus tógtar dhá leath-urdhún chun uillinn aisfhillte a dhéanamh.
Line 95 ⟶ 92:
*''Urdhún cothrom'': É tógtha i lár imbhalla nuair atá an clós chomh mór sin nach féidir é a chosaint leis na hurdhúnta atá ag na cúinní.
*''Urdhún scoite'': Uillinn aisfillte aige ag an bpointe. D’úsáidtí é nuair a bheadh an uillinn róghéar gan é. Thugtaí “urdhún scoite” freisin ar urdhún a mbíodh díog idir é agus an príomhdhaingean.
*''Urdhún athchóirithe'': Dhá thaobh den pholagán inmheánach a bheith an-neamhionann, rud a fhágann scrogall an urdhúin chomh neamhionann céanna.
*''Urdhún rialta'': Urdhún a bhfuil an méid ceart cliathán, éadan agus scóigeanna ag gabháil leis.
Line 111 ⟶ 107:
*''Frithbhalla'': An taobh amuigh de dhíog chosanta (féach “port rite”) – an taobh, mar sin, is gaire don mhachaire.
*''Imbhalla'': Balla díreach a thimpeallaíonn clós atá le cosaint.
*''Leagarnach'': Craobhacha a leagtar ina sraith agus aghaidh na mbarr bioraithe ar an namhaid. Bíonn na crainn fite ina chéile nó ceangailte dá chéile le sreang nó le téada. Úsáidtear leo féin iad nó in éineacht le constaicí eile. Is furasta luaith a dhéanamh de leagarnach, nó na téada a dhó agus na cearchaillí a scaradh
[[Image:Abatis (PSF).png|thumb|right| Is éard is cuspóir don leagarnach an namhaid a choinneáil faoi lámhach na ngunnaí chomh fada agus is féidir.]]
*''Port rite'': An taobh istigh de dhíog chosanta faoi bhun uchtballa (féach “frithbhalla”).
Line 118 ⟶ 114:
*''Slaodbhalla'': Daingniú triantánach nó sonnfort ar dícheangal os comhair urdhúin amach. Cúlbhalla íseal aige, agus gan aon chosaint le fail ann ag an namhaid má bhriseann said isteach.
*''Slí chumhdaithe'': Limistéar idir an díog agus an claonfort. Ligeann sé do na cosantóirí fanacht as amharc lucht ionsaithe agus scaoileadh leo.
== Naisc ==
|