An difríocht idir athruithe ar: "Daingniú"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 45:
[[Image:Rio Miño y al fondo las murallas de ValenÇa.jpg|thumb|250px|Valenca sa Phortaingéil, agus radharc uirthi trasna abhainn Minho, atá ag síneadh leis an Spáinn ó thuaidh.]]
[[Image:Fortbourtange.jpg|thumb|Daingean réalta Bourtange mar a bhí sé sa bhliain 1750 i gCúige Groningen, an Ísiltír.]]
[[Image:Krakow Fort31 20070413 1756.jpg|thumb|left|Daingean Ostra-Ungárach 31 (''Benedykt'') i nDaingean Kraków.]]
 
Bunaíodh mórán bailte móra, go háirithe in Oirthear Eorpa, mar chuid d’fhairsingiú críche i ré an choilínithe oirthearaigh (Ostsiedlung). Is furasta a leithéidí a aithint de bharr a leagain amach rialta agus a gcuid margaí móra. Bailte daingnithe ba ea iad, agus ní raibh stad acu ach ag treisiú na múrtha. Chuidigh tógáil na gcaisleán sna críocha úd le deireadh a chur le trádáil sclábhaithe (trádáil a bhí coitianta chomh déanach leis an 12ú haois): b’fhéidir leis na tiarnaí muintir na tuaithe a chosaint ar chreachadóirí.<ref>Bartlett 1994, lch 304.</ref>
Líne 52:
Cumadh na chéad ghunnaí móra sna meánaoiseanna déanacha. Ar dtús níorbh fhearr iad ná na sean-innill léigir, ach mhéadaigh ar a n-éifeacht de réir mar a d’fheabhsaigh an déantús. D’éirigh siad níos láidre agus níos soláimhsithe, agus tháinig feabhas ar na hurchair – liathróidí cré-umha agus iarainn. Chomh maith leis sin, bhí lámhach na ngunnaí ag éirí níos tapa agus b’fhéidir na gunnaí a dhíriú ar áit áirithe chun bearna a dhéanamh i múr ar bith. Níorbh fholáir don daingniú athrú dá réir.
Chuimhnítí ar an imshuí mar chomhrac idir na gunnaí a bhí ag ionsaí an daingin agus na gunnaí a bhí á chosaint. Ba é aidhm an lucht daingnithe, mar sin, buntáiste a thabhairt do ghunnaí an daingin. De réir a chéile d’éirigh na múrtha agus na túir níos ísle; tháinig feinistrí gunna in áit na gcíortha lámhaigh; agus tosaíodh ag tógáil daingnithe ar dícheangal timpeall an phríomhdhaingin chun go gcuirfí moill ar an namhaid agus gan dídean a thabhairt dóibh.
 
==An Nua-Aois==