An difríocht idir athruithe ar: "Daingniú"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 22:
 
==An Seanreacht==
[[Image:Romeinse wachttoren fort vechten netherlands.jpg|thumb|left|Leagan atógtha de thúr faire Rómhánach (''specula'' nó ''vigilarium'') san Ísiltír. Bheadh múr agus díog timpeall a leithéide fadó.]]
 
I nGréig na réamhstaire bhí múrtha móra á dtógáil – féach na múrtha [[An Mhícéin|Mícéineacha]] agus na clocha ollmhóra atá iontu. Níos déanaí thóg an [[An Ataen|Ataen]] na [[Na Múrtha Fada |Múrtha Fada]] – múrtha comhthreomhara a chuaigh chomh fada le calafort [[Piréas|Phiréas]].
 
Líne 28:
 
Is mór a d'fheabhsaigh na Rómhánaigh an daingniú campa. B’fhéidir leo campa daingnithe a thógáil i gceann cúpla uair an chloig le cré, le hadhmad agus le díog, agus ba dheacair é a ghabháil.
[[Image:Romeinse wachttoren fort vechten netherlands.jpg|thumb|left|Leagan atógtha de thúr faire Rómhánach (''specula'' nó ''vigilarium'') san Ísiltír. Bheadh múr agus díog timpeall a leithéide fadó.]]
 
Bhí na Rómhánaigh go maith chun múrtha buana agus túir a thógáil, daingnithe a chuaigh i bhfeidhm ar innealtóirí míleata na méanaoiseanna. B’an-tiubh iad na múrtha úd agus bhíodh moirtéal iontu. Is iad na cinn is mó iomrá múrtha Áiréileacha na Róimhe agus múrtha Teodósacha Chathair Chonstaintín, in éineacht le roinnt iarsmaí in áiteanna eile. Tógadh Múr Haidriain feadh thuaisceart na Breataine le linn an Impire sin (é faoi réim AD 117—138).
 
Nuair a threascair na Gearmánaigh an Impireacht in Iarthar Eorpa tháinig an daingean chun tosaigh arís mar áit dídine an tiarna áitiúil, agus ní raibh an chathair mhór mhúrtha le feiceáil arís go ceann tamaill eile.
[[Image:Jinshangling2.jpg|thumb|200px|right|Múr Mór na Síne.]]
 
Thosaigh an daingniú sa tSín luath go leor. Sa Ríora Shang (timpeall 1600 – 1050 BC) agus ó shin amach bhí múrtha cré á dtógáil. Bhí a leithéidí ag an bpríomhchathair in Ao. Bhíothas ag tógáil múrtha cloiche i ré na Stát Eascairdiúil (481-221 BC), ach níor baineadh feidhm mhór as an gcloch go dtí Ríora Tang (618-907 AD).
[[Image:Jinshangling2.jpg|thumb|200px|right|Múr Mór na Síne.]]
 
==Na Meánaoiseanna==