An difríocht idir athruithe ar: "Raymond Chandler"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 3:
==A Shaol==
 
Cé gur rugadh sna Stáit Aontaithe a rugadh é, chaith sé blianta a óige i Sasana. Thréig a athair - innealtóir a bhí ina alcólach - a theaghlach, agus chuaigh máthair Raymond, bean Éireannach, ar ais go dtí an Ríocht Aontaithe in éineacht lena mac. Ba é deartháir na máthar a choinnigh bia agus beatha leo. Ina fhear óg dó d'fhill Raymond go Meiriceá ag iarraidh a áit féin a aimsiú sa saol. Liostáil sé sna saighdiúirí sa Chéad Chogadh Domhanda, agus chaith sé seal ag troid. I ndiaidh an chogaidh, d'fhill sé go Los Angeles, agus rinne sé staidéar ar chuntasóireacht le jab seasta a fháil. Phós sé bean a bhí ocht mbliana déag ní ba sine ná é. Sna 1930idí, nuair a chaill sé a jab de dheasca na ndeacrachtaí a bhí aige leis an mbiotáille, thosaigh sé ag scríobh scéalta [[Garrfhicsean|garrfhicsin]] lena chuid a shaothrú. D'éirigh leis an scríbhneoireacht, agus sna 1940idí, fostaíodh ina scriptscríbhneoir i Hollywood é. Fuair a bhean chéile bás sa bhliain 1954, agus í tinn ar feadh i bhfad roimhe sin.
 
Ní raibh sé ina dhuine shona riamh. Bhí sé ina dhruncaire, cosúil lena athair roimhe, agus dúlagar intinne ag goilleadh air. Chuaigh na deacrachtaí seo chun olcais i ndiaidh bhás a mhná céile. Bhí sé mór le cúpla bean ina dhiaidh sin, ach ní raibh mórán maithe sna cumainn seo, agus bhí níos mó ná bean amháin ag déanamh gur homaighnéasach a bhí ann agus é á shéanadh féin.