An difríocht idir athruithe ar: "Reilig Montparnasse"

Content deleted Content added
m D'athúsáideadh an athrú seo caite le 140.203.17.14
mNo edit summary
Líne 1:
Mic léinn a bhaist an t-ainm Mont Parnasse (Sliabh Pharnassus) ar an gcomharsanacht seo i bPáras mar gheall ar gurbh ann a thagaidis le chéile chun filíocht a aithris. Tógadh an 'Boulevard Montparnasse' le linn na Réabhlóide agus bhíodh an-chuid hallaí damhsa agus amharclanna ann. Ba é an ceantar seo croílár an tsaoil ealaíonta i bPáras i dtús an fichiú haois agus ba ann a thagadh leithéidí [[Picasso]], [[Modigliani]], [[Soutine]], [[Zadkine]], [[Apolinaire]], [[Max Jacob]], [[Hemingway]], [[Fargue]], [[Breton]], [[Cocteau]], [[Henry Miller]] agus mórán scríbhneoirí, scannánóirí, péintéirí agus fiú lucht réabhlóide ([[Lenin]], [[Trotsky]]) le chéile. Tá an áit lán de phictiúrlanna agus bialanna i gcónaí agus is breá an áit spaisteoireachta é de ló agus d'oíche.
 
Tá Reilig Montparnasse ar nós faiche, agus is ann atá daoine fíorcháiliúla ar nós [[Jean Paul Sartre]], [[Simone de Beauvoire]], [[Baudelaire]], [[Maupassant]], an Captaen [[Alfred Dreyfus]], [[Eugene Ionesco]], [[Samuel Beckett]], agus [[Serge Gainsbourg]] curtha.