An difríocht idir athruithe ar: "Contae Aontroma"
Content deleted Content added
m róbat ag mionathrú: fr:Comté d'Antrim (Irlande) |
No edit summary |
||
Líne 9:
}}
Is é Condae Aondroma ceann de na sé [[contae|chondae]] a chlúdaíonn [[Tuaisceart Éireann]], suite in oirthueasceart na [[Éire|hÉireann]]. Tá sé suite ar chósta thoir thuaidh Loch nEathach (an loch is mó sna h[[Oileáin Bhriotanacha]]), agus tá achar de 2,844 km² aige. Cónaíonn thart ar 616,000 daoine ann, rud a chiallaíonn go bhfuil an daonra is mó i dTuaisceart Éireann mar aon leis an darna ceann is mó in Éirinn aige. Tá sé mar pháirt de chúige [[Ulaidh|Uladh]].
Meallann na [[Glinntí Aondroma]] na mílte [[turasóir]] chun an chontae achan bhliain agus is suíomh Oidhreachta Dhomhanda de réir [[UNESCO]] é Clochán an Aifir (nó Clochán na bhFórmorach mar a thugtar air fosta) ar an chósta thuaidh. Tá clú ar [[Mhuileann na Buaise]] as an [[Uisce Beatha|Uisce Bheatha]] atá á dhéanamh ann leis na céadta bliain, agus aithnítear [[Port Rois]] mar an lonnaíocht [[muir|mhara]] is cáiliúla i dTuaisceart Éireann ó thaobh líonn na gcuairteoirí air de, áit atá ann ina mbíonn craic ar dóigh de ló is d'oíche de réir tuarascála. Tá an chuid is mó de [[Béal Feirste|Bhéal Feirtse]], an [[cathair|chathair]] is mó i dTuaisceart Éireann, lonnaithe sa chontae agus tá an chuid eile dí i g[[Contae an Dúin]]. De réir an tseanchais is ar [[Sliabh Mis|Shliabh Mis]] i dtuaisceart an chondae a chaith [[Pádraig]] bunús a shaoil óig.
==Bailte i gContae Aontroma==
|