An difríocht idir athruithe ar: "Clann Rurik"

Content deleted Content added
Ón alt
 
~~
Líne 1:
Rítheaghlach [[An Rúis|Rúiseach]] ba ea [[Clann Rurik]].
 
==Na Lochlannaigh sa Rúis==
 
Is é an scéal is túisce a chreidtear taobh amuigh den [[An Rúis|Rúis]] féin gurbh iad na [[Lochlannaigh]] ba luaithe a chuir tús leis an stát Rúiseach. Níl na saineolaithe Rúiseacha chomh tapa céanna á admháil, ach ar a laghad ar bith tá go leor leideanna le fáil sna foinsí staire a thugann a leithéid sin le fios.
 
Is í an fhoinse is tábhachtaí dá bhfuil ann ar luathstair na Rúise ná an leabhar ar a dtugtar [[Croinic Neastóir]] go minic, siúd is gurb é ''Povest' Vremennykh Let'' an teideal Rúisise[[Rúisis]]e: ciallaíonn sé "Scéal na nImeachtaí Saolta", nó "Scéal na mBlianta Caite" - cibé is fearr leat. Deir an chroinic seo go bhfuair na Rúisigh - nó na treibheanna a bhí ag cur fúthu i dtailte na Rúise fadó - go bhfuair siad amach as a stuaim féin nach raibh acmhainn a rialaithe féin iontu, agus gach treibh ag éirí amach i gcónaí in éadan an chuid eile acu. Ó bhí taithí agus aithne éigean ag na treibheanna seo ar na Lochlannaigh, thug siad cuireadh isteach dóibh: "Tá an tír seo againne as pabhar saibhir, ach níl ord ná síocháin ann. Tagaigí anseo go gcuirfidh sibh rialtas ceart i bhfeidhm orainn." Agus ar ndóigh, bhí na hUigingigh chomh cairdiúil carthannach is gur tháinig siad ag rialú na Rúiseach bocht. - Is follasach nach bhfuil i leagan seo na Croinice ach bolscaireacht. Is dealraitheach go ndeachaigh dream amháin de na Rúisigh i gcomhar agus i gcomhghuaillíocht leis na Lochlannaigh agus gur chrom siad ar an tír a rialú in éineacht.
 
==Clann Rurik==