An difríocht idir athruithe ar: "Contae Aontroma"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 12:
 
Meallann [[Glinntí Aondroma]] na mílte [[turasóir]] chun an chontae achan bhliain agus is suíomh Oidhreachta Dhomhanda de réir [[UNESCO]] é Clochán an Aifir (nó Clochán na bhFórmorach mar a thugtar air fosta) ar an chósta thuaidh. Tá clú ar [[Mhuileann na Buaise]] as an [[Uisce Beatha|Uisce Bheatha]] atá á dhéanamh ann leis na céadta bliain, agus aithnítear [[Port Rois]] mar an lonnaíocht [[muir|mhara]] is cáiliúla i dTuaisceart Éireann ó thaobh líonn na gcuairteoirí air de, áit atá ann ina mbíonn craic ar dóigh de ló is d'oíche de réir tuarascála. Tá an chuid is mó de [[Béal Feirste|Bhéal Feirtse]], an [[cathair|chathair]] is mó i dTuaisceart Éireann, lonnaithe sa chontae agus tá an chuid eile dí i g[[Contae an Dúin]]. De réir an tseanchais is ar [[Sliabh Mis|Shliabh Mis]] i dtuaisceart an chondae a chaith [[Pádraig Naofa]] bunús a shaoil óig.
 
==Iompar==
 
Tá naisc mhaithe le fáil i gContae Aondroma le dul ar mhuir, ar iarnróid, nó ag eitilt.
 
===Aer===
 
Is é [[Aerfort Idirnásiúnta Bhéal Feirste]] an t-aerfort is gnóthaí i dtuaisceart Éireann agus tá sé lonnaithe in Aldergrove i ndeisceart an chondae, áit atá roinnte idir údaráis an aerfoirt agus an Fórsa Aeir Ríoga. Is é an t-aerfort réigiúnach is mó i leith lastais aeir sa [[Ríocht Aontaithe|RA]]. Bíonn seirbhísí rialta ann go dtí [[An Bhreatainn Mhór]], mór-roinn na [[An Eoraip|hEorpa]] agus [[Meireceá Thuaidh]].
 
Bíonn seribhísí aeir le fáil chomh maith ó [[Aerfort Chathair Bhéal Feirste George Best]] atá suite míle soir ó lár chathair Bhéal Feirste ar thaobh Chondae an Dúin den chathair, aerfort a athainmníodh i 2006 in ómós don imreoir [[sacar|sacair]] [[George Best]].
 
===Iarnróid===
Amharc fosta ar Catagóir:Stáisiúin iarnróid i gContae Aondroma
 
Is iad na bealaí [[Iarnród Thuaisceart Éireann]] de chuid [[Translink]] iad na príomhlínte eadar Béal Feirste, [[Aontroim|Aondroim]], [[An Baile Meánach|an Baile Meánach]], [[Cúil Raithin]], [[Port Rois]] agus [[Doire|Londandhoire]], agus Béal Feirste go [[Carraig Fhearghais]] is [[Latharna]].
 
===Muir===
 
Tá dhá longphort de chuid na gcinn is tábhachtaí dá bhfuil i dtuaisceart Éireann le fáil sa chondae, .i. Latharna agus Béal Feirste.
 
Téid báid farantóireachta ó chalaphort Latharna, áit ónar féidir taisteal go Cairn Riain agus An Srón (An t-Sròn) in Albainmar aon le Fleetwood i [[Sasana]]. Bhíodh seirbhís ó Bhéal Feriste go dtí an Srón Ramhar (An t-Sròn Reamhar) go dtí 2010.
 
Is é Calaphort Bhéal Feirste príomhgheata mara Thuaisceart Éireann, agus tá sé ag iarraidh níos tábhachtaí fosta do gheilleagar Phoblacht na hÉireann de réir a théid na blianta ar aghaidh chomh maith. Is lárionad tionscadail agus gnó é agus fá'n am seo tá sé mar fhócas do ghníomhaireacht na lóistíochta sa réigiún. Is fríd an chalafort a théid dhá thríú de thrádáil mhara an Tuaiscirt agus ceathrú cuid de thrádáil an oileáin ina iomláine. Glacann sé tuairim is 6,000 long in aghaidh na bliana.
 
==Daonra==
 
Cónaíonn 616,384 duine sa chontae de réir an eolais ó dhaonáireamh na bliana 2001 de chuid na Ríochta Aontaithe. Is é an condae is mó i gcúige Uladh agus an darna chontae is mó in Éirinn ó taobh líonn na n-áitritheoirí de.
Creideamh
Fosta, condae den dá chontae atá fágtha in Éirinn atá ann ina bhfuil bunús na ndaoine [[protastúnach]] (is é Condae an Dúin é an condae eile). Is é an Preisbitíreachas an claonadh creidimh is mó sa chondae. Leanann an Caitliceachas Rómánach sa darna áit, agus ina dhiaidh sin Eaglais na hÉireann. Is é an t-aon chontae in Éirinn ina bhfuil sainchreideamh seachas an Caitliceachas mar sainchreideamh príomha. Is mar gheall ar nascanna láidre le hAlbain é an tionchar ón Phreisbitíreachas.
 
==Riarachán==
 
An baile condae traidisiúnta ná Aondroim fhéin. Níos deireannaí, rinneadh An Baile Meánach mar bhaile chondae agus mar shuí rialtais áitiúla. I 1973 stadadh condaetha Thuaisceart Éireann a bheith ina haonáin riaracháin go hoifigiúil, bliain i ndiaidh teipeadh rialtais tuaisceartaigh i [[Stoirmhonadh]] (nó Cnoc an Anfa mar a thugtar air fosta), le hathamharc a dhéanamh ar cúrsaí riaracháin áitiúla.
Gídh go maireann na condaetha beo go cultúrtha, i gcúrsaí reatha, agus I dtaca le cúrsaí dlí, chanfhuil siad ann daofa a thuilleadh maidir le cúrsaí riaracháin. Ina leabaidh sin, tá an réigiún roinnte eadar 26 cheantar. Tá na ceantair seo a leanas le fáil go hiomlán laistigh de limistéir an chondae:
*Comhairle Buirg an Bhaile Mheánaigh
*Comhairle Buirg Aondroma
*Comhairle Buirg Bhaile Monaidh
*Comhairle Buirg Bhaile na Mainistreach
*Comhairle Buirg Charraig Fhearghais
*Comhairle Buirg Latharna
*Comhairle Ceantair na Maoile
Tá codanna de na ceantair seo a leanas le fáil taobh istigh den chondae:
*Comhairle Buirg Chreag Abhann (thart fá [[Achadh Galláin]])
*Comhairle Buirg Chúil Raithin (thart fá [[Port Rois|Phort Rois]])
*Comhairle Cathrach Bhéal Feirste (i gcás Bhéal Feirste thuaidh, thiar, lárnach agus thiar dheas)
*Comhairle Cathrach Lios na gCearrbhach (leis an chathair fhéin, [[Baile Haine]], [[Dún dTród]], [[Lann Abhaigh]] agus [[Maigh gCabraí]])
 
Tá na toghcheantair seo a leanas suite go hiomlán taobh istigh de theorainneacha an chondae:
*Aondroim Theas
*Aondroim Thoir
*Aondroim Thuuaidh
*Béal Feirste Thiar
*Béal Feirste Thuaidh
Tá codanna de na toghcheantair seo a leanas laistigh den chondae
*An Bhanna Uachtarach
*Béal Feirste Theas
*Gleann an Lagáin
*Londandhoire Thoir
 
==Bailte i gContae Aontroma==