An difríocht idir athruithe ar: "Raymond Chandler"

Content deleted Content added
Wikify
Líne 1:
{{Bosca Sonraí Scríbhneoir
Scríbhneoir scéalta bleachtaireachta agus scriptscríbhneoir scannán a bhí i '''Raymond Thornton Chandler''', a rugadh i Chicago ar an 23 Iúil 1888 agus a fuair bás i San Diego ar an 26 Márta 1959. Bhí an-tionchar ag a stíl "chruabhruite", mar a deirtear, ar na scéalta bleachtaireachta, ar an gcineál daoine a bhíonn le feiceáil iontu agus ar an gcineál stíle a chleachtar iontu inniu. Is é príomhlaoch a chuid scéalta, Philip Marlowe, ionchollú an "bhleachtaire phríobháidigh" mar a shamhlaítear dúinn inniu é.
| ainm = Raymond Chandler
| íomhá =
| ceannteideal =
| dáta_breithe = [[23 Iúil]], [[1888]]
| áit_bhreithe = [[Chicago]], [[Illinois]]
| dáta_báis = [[26 Márta]] [[1959]]
| áit_bháis = [[San Diego]], [[California]]
| ainm_cleite =
| náisiúntacht = [[SAM|Meiriceánach]]
| gairm = Úrscéalaí
| seánra = Scéalta bleachtaireachta, fionraí, garrfhicsean
| duaiseanna =
| céile =
| síniú =
}}
 
Scríbhneoir scéalta bleachtaireachta agus scriptscríbhneoir [[scannán]] a bhí i '''Raymond Thornton Chandler''', a rugadh i [[Chicago]] ar an [[23 Iúil]] [[1888]] agus a fuair bás i [[San Diego]] ar an [[26 Márta]] [[1959]]. Bhí an-tionchar ag a stíl "chruabhruite", mar a deirtear, ar na scéalta bleachtaireachta, ar an gcineál daoine a bhíonn le feiceáil iontu agus ar an gcineál stíle a chleachtar iontu inniu. Is é príomhlaoch a chuid scéalta, Philip Marlowe, ionchollú an "bhleachtaire phríobháidigh" mar a shamhlaítear dúinn inniu é.
 
==A Shaol==
 
Cé gur sna [[Stáit Aontaithe]] a rugadh é, chaith sé blianta a óige i [[Sasana]]. Thréig a athair - [[innealtóir]] a bhí ina alcólach - a theaghlach, agus chuaigh máthair Raymond, bean [[Éire|Éireannach]], ar ais go dtí an [[Ríocht Aontaithe]] in éineacht lena mac. Ba é deartháir na máthar a choinnigh bia agus beatha leo. Ina fhear óg dó d'fhill Raymond go Meiriceá ag iarraidh a áit féin a aimsiú sa saol. Liostáil sé sna saighdiúirí sa [[Chéad Chogadh Domhanda]], agus chaith sé seal ag troid. I ndiaidh an chogaidh, d'fhill sé go [[Los Angeles]], agus rinne sé staidéar ar chuntasóireacht le jab seasta a fháil. Phós sé bean a bhí ocht mbliana déag ní ba sine ná é. Sna [[1930idí]], nuair a chaill sé a jab de dheasca na ndeacrachtaí a bhí aige leis an mbiotáille, thosaigh sé ag scríobh scéalta [[Garrfhicsean|garrfhicsin]] lena chuid a shaothrú. D'éirigh leis an scríbhneoireacht, agus sna 1940idí, fostaíodh ina scriptscríbhneoir i [[Hollywood]] é. Fuair a bhean chéile bás sa bhliain 1954, agus í tinn ar feadh i bhfad roimhe sin.
 
Ní raibh sé ina dhuine shona riamh. Bhí sé ina dhruncaire, cosúil lena athair roimhe, agus dúlagar intinne ag goilleadh air. Chuaigh na deacrachtaí seo chun olcais i ndiaidh bhás a mhná céile. Bhí sé mór le cúpla bean ina dhiaidh sin, ach ní raibh mórán maithe sna cumainn seo, agus bhí níos mó ná bean amháin ag déanamh gur [[homaighnéasach]] a bhí ann agus é á shéanadh féin.
 
==A Shaothar==
 
Scríobh sé cuid mhór scéalta, ach is iad na [[Úrscéal|húrscéalta]] ''The Big Sleep'' agus ''The Long Goodbye'' na cinn ba mhó a thuill clú dó.Is é an locht is mó a fhaightear ar a chuid scéalta nach raibh bua na plotála aige - rinne sé praiseach den phlota go minic - agus ní thaitníonn an stiúir mhadrúil a bhíonn faoi le cách ach an oiread, go háirithe an dóigh a mbíonn sé ag trácht ar mhná agus ar homaighnéasaigh. Ón taobh eile de, tá féith liriciúil ann a chuireann ar a chumas áiteanna agus timpeallacht na n-imeachtaí a chur os comhair an léitheora ar dhóigh bheo bhíogúil.
 
{{DEFAULTSORT:Chandler, Raymond}}
[[Catagóir:Scríbhneoirí Meiriceánacha]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1888]]
[[Catagóir:Básanna i 1959]]
 
[[ar:رايموند تشاندلر]]
[[br:Raymond Chandler]]
[[bg:Реймънд Чандлър]]
[[ca:Raymond Chandler]]
[[cs:Raymond Chandler]]
[[da:Raymond Chandler]]
[[de:Raymond Chandler]]
[[en:Raymond Chandler]]
[[es:Raymond Chandler]]
[[eo:Raymond Chandler]]
[[eu:Raymond Chandler]]
[[fr:Raymond Chandler]]
[[gl:Raymond Chandler]]
[[ko:레이먼드 챈들러]]
[[hr:Raymond Chandler]]
[[it:Raymond Chandler]]
[[he:ריימונד צ'נדלר]]
[[lb:Raymond Chandler]]
[[lt:Raymond Chandler]]
[[hu:Raymond Chandler]]
[[nl:Raymond Chandler]]
[[ja:レイモンド・チャンドラー]]
[[no:Raymond Chandler]]
[[nn:Raymond Chandler]]
[[pl:Raymond Chandler]]
[[pt:Raymond Chandler]]
[[ro:Raymond Chandler]]
[[ru:Чандлер, Рэймонд]]
[[sr:Рејмонд Чендлер]]
[[sh:Raymond Chandler]]
[[fi:Raymond Chandler]]
[[sv:Raymond Chandler]]
[[tr:Raymond Chandler]]
[[bat-smg:Raimonds Čandleris]]
[[zh:雷蒙·錢德勒]]