An difríocht idir athruithe ar: "Lavr Kornilov"

Content deleted Content added
ArthurBot (plé | dréachtaí)
Líne 4:
==Roimh an Réabhlóid==
 
Cosacach ab ea é Kornilov a saolaíodh sa [[An Chasacstáin|Chasacstáin]] (nó sa Turcastáin Rúiseach, mar a thugtaí ar an gceantar san am sin). Cosacach agus fear míleata ab ea é athair Kornilov, agus ba bhean áitiúil í a mháthair. Chaith Kornilov na blianta fada ina oifigeach proifisiúnta in Arm [[Impireacht na Rúise|Impiriúil na Rúise]]. Sna blianta 1890-1904, bhí sé i gceannas ar mhisiúin taiscéalaíochta in Oirthear na Turcastáine, san Afganastáin agus sa Pheirs. D'fhoghlaim sé sraith teangacha Lár-Áiseacha, agus bhreac sé síos tuairiscí mionchruinne faoina raibh feicthe aige. Le linn Chogadh[[Cogadh na Rúise agus [[Anna tSeapáinSeapáine|Chogadh na Rúise agus na Seapáine]], 1904-1905, bronnadh Cros Naomh Seoirse air, chomh maith le céimíocht an choirnéil.
 
Sna blianta 1907-11, bhí Kornilov ina ''attaché'' míleata sa tSín. Nuair a thosaigh an [[Chéad Chogadh Domhanda]], bhí sé ina Mhaor-Ghinearál, agus rannán cos-slua faoina cheannas. I Mí Aibreáin 1915, nuair a bhí troid fhíochmhar á cur ar an gcathéadan, chaill sé an teagmháil a bhí aige leis na trúpaí Rúiseacha eile, agus rug na hOstaraigh air. Nuair a bhí sé ina chime cogaidh, tháinig an Marascal Machaire Franz Conrad von Hötzendorf ar cuairt chuige go pearsanta, ó chuala sé go raibh cime chomh tábhachtach sin aige. I Mí Iúil 1916, áfach, d'éirigh le Kornilov éalú agus filleadh go dtí an Rúis. Bhí dearcadh criticiúil ag Kornilov ar an monarcacht Rúiseach, agus nuair a bhí an chumhacht bainte den [[Nioclás II|tSár Nioclás a Dó]], cuireadh i gceannas Cheantar Míleata Chathair Pheadair é, i Márta 1917. I Mí an Mheithimh 1917, rinne [[Arm na Rúise]] iarracht ionsaí a theip orthu, ach b'é Kornilov an t-aon ghinearál amháin ar éirigh an t-ionsaí leis. Mar sin, cuireadh i gceannas ar an arm go léir é.