An difríocht idir athruithe ar: "Impireacht na Rúise"

Content deleted Content added
m róbat ag mionathrú: yo:Ilẹ̀ọbalúayé Rọ́ṣíà
Líne 334:
 
==== Cogadh na Rúise is na Seapáine ====
{{main|Cogadh na Rúise agus na Seapáine}}
 
Nuair a shealbhaigh saighdiúirí na Rúise Port Artúir, cuanchathair in aice leis an gCóiré, sa bhliain 1898, chuir siad an-mhíshástacht ar na Seapánaigh, a bhí buartha go raibh siad lena dtionchar ar an gCóiré a chailleadh. Ní raibh aon mhoill orthu téisclim a dhéanamh chun cogaidh; agus i Mí Fheabhra den bhliain 1904, d'ionsaigh siad [[Lüshunkou|Port Artúir]] le garastún na Rúiseach a ruaigeadh as an áit. D'éirigh leo an chuid is mó de loingeas cogaidh na Rúise a scrios, agus bhí na Rúisigh sách mall ag tabhairt freagra. Ní raibh an t-ádh orthu ina dhiaidh sin, ach an oiread. Thuirsigh maidhm i ndiaidh maidhme iad, agus nuair a tháinig cabhlach cogaidh na Bailte ó Chathair Pheadair thart ar an Afraic go dtí an Cian-Oirthear le fortacht a thabhairt do na díormaí Rúiseacha ansin, d'ullmhaigh an t-aimiréal Seapánach Heihachiro Togo luíochán roimh na Rúisigh. Nuair a nocht na longa Seapánacha óna bhfolacháin, fágadh an cabhlach Rúiseach i ngaiste, agus chuaigh an chuid ba mhó acu i dtóin an phoill i gCaolas Chisima idir an Chóiré agus an tSeapáin i lár Mhí Bhealtaine den bhliain 1905. Ní tháinig ach sé long chogaidh slán as an teagmháil, agus acu sin féin, b'éigean do thrí long sábháilteacht a lorg i gcuan cogaidh na Meiriceánach i [[Manila]]. Ó bhí na Meiriceánaigh neodrach sa chogadh seo, rinne siad na longa agus a gcuid crú a imtheorannú sa chuan - is é sin, choinnigh siad istigh ansin iad go dtí go raibh an cogadh thart.