An difríocht idir athruithe ar: "Tantalam"

Content deleted Content added
m róbat ag mionathrú: fa:تانتال
No edit summary
Líne 13:
Tá a lán [[mianra|mianraí]] éagsúla ann ina bhfuil tantalam le fáil: tantailít (ocsaídí an tantalaim, an niaibiam, an iarainn agus na mangainéise), micrilít (ocsaídí an chailciam, an tsóidiam agus an tantalaim), eoixéinít (ocsaídí an chailciam, an niaibiam, an tantalaim, an cheiriam, an tiotáiniam, an itriam, an [[úráiniam]], agus an tóiriam), agus araile. Is minic a dhearctar ar an tantailít agus ar an gcolaimbít (an niaibít) mar dhá leagan den mhianra chéanna: nuair a bhíonn an niaibiam níos flúirsí ann, tugtar colaimbít nó niaibít air, agus nuair a bhíonn níos mó tantalam ann, deirtear gur tantailít atá ann.
 
Tá an chuid is mó den tantalam nádúrtha comhdhéanta as aon [[iseatóp]] amháin, mar atá, <sup>181</sup>Ta. Tá iarsmaí beaga den iseatóp radaighníomhach úd <sup>180m</sup>Ta. TagannTugann an "m" le fios gur isiméir núicléach de chuid <sup>180</sup>Ta den "ghnáthchineál" atá ann - is é sin, go bhfuil eagar éagsúil ar na núicléóin i núicléas an dá chineál <sup>180</sup>Ta. Déantar <sup>180</sup>Ta go saorga in imoibreoirí núicléacha, agus is iseatóp as pabhar radaighníomhach é - níl sé ach ocht n-uair an chloig ar leathré.
 
Tá an tantalam iontach díonach ar na haigéid, agus le teocht an tseomra ní féidir leis an ''[[aqua regia]]'' féin dochar a dhéanamh dó. Scéal eile ar fad, áfach, an t-aigéad hidreafluarach HF, agus an fluairín féin: na haigéid nach gcreimeann an tantalam iontu féin, nuair a mheascfar beagáinín den aigéad hidreafluarach tríothu, beidh siad i bhfad níos éifeachtaí ag oibriú ar an miotal seo. Creimeann tuaslagán uisce na hiodrocsaíde potaisiam (na potaise loiscní) an tantalam fosta.