An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Ó Coileáin"

Content deleted Content added
m róbat ag mionathrú: ca:Mícheál Ó Coileáin; cosmetic changes
Líne 25:
Bhí gean ag [[Gael|Gaeil]] ar an gCoileánach, agus é ina laoch mór acu chomh cróga is chomh beartach a bhí sé, ach mar sin féin, fuair sé bás ó lámh Éireannaigh i [[Béal na mBláth|mBéal na mBláth]] in iarthar [[Contae Chorcaí|Chorcaí]]. Scríobh [[Tim Pat Coogan]] beathaisnéis faoi as Béarla, agus sa bhliain [[1985]], d'fhoilsigh [[Pádraig Ó Braoin]] beathaisnéis Gaeilge <ref>Ó BRAOIN, Pádraig: ''Mícheál Ó Coileain'', Éigse na Mainistreach, 1985</ref>.
 
== A Chéad Óige ==
 
Saolaíodh Mícheál Ó Coileáin in aice le [[Cloich na Coillte]] in Iarthar Chorcaí sa bhliain [[1890]]. B'eisean dríodar an chrúiscín, agus tháinig beirt mhac agus cúigear deirféaracha roimhe. Níltear ar aon bharúil faoina bhreithlá, nó is é [[12 Deireadh Fómhair|an dóú lá déag de Mhí Dheireadh Fómhair]] atá le léamh ar leac a uaighe, ach is é an séú lá déag a thugann lucht scríofa a chuid beathaisnéisí.
Líne 43:
Bhí sé naoi mbliana déag d'aois, nuair a chuaigh sé i mBráithreachas na Poblachta. B'é [[Somhairle Mag Uidhir]], [[Poblachtánach]] [[Protastúnach]] ó [[Chorcaigh]], a réitigh an bealach sin dó. Níor thóg sé deich mbliana air céimíocht cheannasach a bhaint amach dó san eagraíocht.
 
== Éirí Amach na Cásca ==
 
Bhain an Coileánach an chéad cháil amach dó féin le linn [[Éirí Amach na Cásca]] sa bhliain [[1916]]. Bhí an-scileanna aige i gcúrsaí eagraíochta, agus é cliste ar go leor bealaí eile freisin, rud a thabhaigh an-ómós dó ó bhaill eile an Bhráithreachais. Rinneadh comhairleoir airgeadais de don [[An Cunta Pluincéad|Chunta Pluincéad]], athair [[Seosamh Pluincéad|Sheosaimh Phluincéid]], agus le linn an Éirí Amach, bhí sé ina aidiúnach don Phluincéadach óg.
Líne 51:
Cosúil le cuid mhór acu siúd a ghlac páirt san Éirí Amach, gabhadh an Coileánach, agus bhí pionóis an bháis ag bagairt air ar feadh tamaill, go dtí gur tugadh go campa géibhinn [[Frongoch]] é. Ansin féin, thaispeáin sé go raibh comhábhair an cheannaire ann. Nuair a scaoileadh an chuid ba mhó de na cimí saor, bhí Mícheál Ó Coileáin ag fáil an lámh in uachtar ar [[Sinn Féin]] cheana. Ní raibh an páirtí leath chomh sáite san Éirí Amach agus a bhí bolscaireacht na Breataine Móire ag áitiú, ach nuair a chuaigh sé sa pháirtí, thosaigh an Coileánach ag glacadh buntáiste ar íomhá an náisiúnachais radacaigh a ghreamaigh de Shinn Féin de thoradh na bolscaireachta. Lena chuidiú féin, d'insíothlaigh na radacaigh an páirtí. I Mí Dheireadh Fómhair sa bhliain [[1917]], bhí an Coileánach ina bhall de choiste feidhmitheach Shinn Féin agus ina stiúrthóir cúrsaí eagraíochta ar [[Óglaigh na hÉireann]], agus Éamon de Valera i gceannas ar an dá eagraíocht sin.
 
== An Chéad Dáil ==
[[Íomhá:Firstdail.jpg|thumb|400px|<center>An Chéad Dáil<br />An chéad líne (Clé go deas): [[Laurence Ginnell]], [[Mícheál Ó Coileáin]], [[Cathal Brugha]], [[Art Ó Gríofa]], [[Eamon de Valera]], [[An Cunta Pluincéad]], [[Eoin Mac Néill]], [[Liam Tomás Mac Cosgair]], [[Caoimhín Ó hUiginn]].</center>]]
Ar nós bhaill shinsearacha Shinn Féin ar fad, moladh an Coileánach mar iarrthóir in olltoghcháin na bliana [[1918]] le suíochán a lorg mar Fheisire i d[[Teach na dTeachtaí]] i Londain. Cosúil le formhór mór na n-iarrthóirí, vótáladh an Coileánach isteach. Bhí sé ina Fheisire do dháilcheantar [[Contae Ard Mhacha|Ard Mhacha]] Theas. Bhí sé fógartha ag Sinn Féin, áfach, nach nglacfadh Feisirí an pháirtí a gcuid suíochán i Westminster. Ina ionad sin, tháinig siad le chéile ina bpairlimint scartha in Éirinn - [[Dáil Éireann]]. Chruinnigh [[an Chéad Dáil]] seo i d[[Teach an Ardmhéara]] i m[[Baile Átha Cliath]] i Mí Eanáir sa bhliain [[1919]]. Bhí Éamon de Valera agus roinnt Feisirí eile de chuid Shinn Féin gafa ag na [[Sasana]]igh cheana. Nó is amhlaidh go bhfuair an Coileánach foláireamh óna ghréasán spiaireachta go raibh a leithéid ar na bacáin ag na húdaráis, ach nuair a nocht sé an fhaisnéis seo do Dev, d'áitigh sé siúd ar na Sinn Féinithe eile gan a dhath a shíleadh den rabhadh. Chreid sé nach rachadh a leithéid de shluaghabháil ach chun dochair do na Gaill cibé, nó bheadh an-ábhar bolscaireachta ann do na Gaeil. Nuair a fuair an oiread sin ceannairí iad féin faoi ghlas, áfach, is beag duine a fágadh deis acu an bholscaireacht sin a chraobhscaoileadh. Nuair a bhí de Valera sa phríosún, toghadh [[Cathal Brugha]] ina Phríomh-Aire, ach tháinig Dev ina áit, nuair a d'éalaigh sé as [[Príosún Lincoln]] i Mí Aibreáin sa bhliain 1919, le cuidiú an Choileánaigh.
 
Is iomaí trá a bhí le freastal ag an gCoileánach sa bhliain 1919. Sa samhradh, cuireadh i gceannas ar an [[IRB]] é. I Mí Mheán Fómhair, chuaigh sé i mbun Rannóg Faisnéise na nÓglach. Thosaigh Cogadh na Saoirse ar an lá céanna agus a chéadchruinnigh an Dáil i Mí Eanáir sa bhliain 1919, nó b'ar an lá céanna a lámhach cathlán d'Óglaigh beirt [[Constáblacht Ríoga na hÉireann|saighdiúirí dubha]] a bhí ag gardáil coinsíneacht geiligníte ar [[an tSulchóid Bheag]] i g[[Contae Thiobraid Árann]]. Ní raibh orduithe faighte ag na hÓglaigh an t-éacht seo a dhéanamh.
 
== Ina Aire Airgeadais dó ==
 
Cé go raibh sé gnóthach cheana féin, fuair sé tuilleadh dualgaisí le comhlíonadh, nuair a rinne Éamon de Valera Aire Airgeadais de sa bhliain 1919.
Líne 85:
Ina áit sin, bhronn sé lánchumhacht ar thoscaireacht a chuir sé go Londain. Is é is brí leis an "lánchumhacht" ná go raibh sé ar chumas na dtoscairí seo conradh síochána a shíniú leis na Gaill gan faomhadh a fháil roimh ré uaidh féin. B'iad [[Art Ó Gríofa]] agus Mícheál Ó Coileáin a chuaigh i gceannas ar an toscaireacht. Bhí an Coileánach iontach míshásta leis an gcomhairle seo, nó is é an tuairim a bhí aige féin ná gur chóir do Dev féin na cúrsaí seo a phlé leis na Sasanaigh. Ina dhiaidh sin is uile, thoiligh sé dul go Londain.
 
== An Conradh ==
 
Is é an toradh a tháinig as na comhchainteanna ná an [[Conradh Angla-Éireannach]], agus b'é an Conradh seo ba bhunús le stát nua Éireannach, mar atá, [[Saorstát Éireann]]. Bhí forálacha ann le haghaidh stát uile-Éireannach, ach san am céanna, d'fhág sé ar chumas sé chontae in oirthuaisceart an oileáin tarraingt siar as an stát seo, rud a rinne siad gan mhoill. Bhí sé leagtha amach sa Chonradh go gcaithfí coiste ar leith a chur ag obair leis an teorainn a atarraingt, dá dtogródh [[Tuaisceart Éireann|na Sé Chontae]] a leithéid a dhéanamh, agus is é an rud a bhí ar intinn an Choileánaigh go bhféadfaí, ar an mbealach seo, limistéar an stáitín thuaisceartaigh a laghdú an oiread sin is nach bhfágfaí maireachtáil ar bith ann ar chúrsaí eacnamaíocha. Bhí an beart sin incheaptha san am, nó bhí cónaí ar an gcuid ba mhó den phobal [[Aontachtach]] taobh istigh de shrianta cúnga in oirthear [[Uladh]].
Líne 97:
Dhiúltaigh de Valera do na líomhaintí seo, ach is é an chiall a bhaineann an chuid is mó de staraithe an lae inniu ná gurb é sin an freagra is fearr ar an gceist, cén fáth nach ndeachaigh seisean go Londain. D'áitigh an Coileán, siúd is nár thug an Conradh an tsaoirse d'Éirinn mar Phoblacht, gur bhronn sé de shaoirse ar na hÉireannaigh an tsaoirse sin a bhaint amach iad fén. Sa deireadh thiar thall, b'é de Valera féin a chruthaigh gurbh fhíor don Choileánach an méid sin.
 
== An tAitheantas Trípháirteach ==
 
De réir mar a bhí sé leagtha amach sa chaipéis féin, chaithfeadh trí phairlimint a bhfaomhadh a thabhairt don Chonradh Angla-Éireannach. Fuair sé formhuiniú Phairlimint na Breataine Móire, ar dtús. Ansin, chaithfeadh Dáil Éireann glacadh leis, freisin, cé nach raibh aon stádas dlíthiúil ag an Dáil de réir an dlí idirnáisiúnta, ó nach bhfuair sé aitheantas na n-údarás Gallda. Nó, ós rud é go raibh stádas ''de facto'' ag an Dáil, agus í ag oibriú chumhacht pholaitiúil Shinn Féin agus mhuintir na hÉireann, ní fhéadfaí ach an Conradh a chur faoi bhráid na Dála.
Thairis sin, bhí an tríú Pairlimint ann, mar atá, Teach Teachtaí Dheisceart Éireann. De réir fhorálacha an [[An tAcht um Rialtas na hÉireann|Achta um Rialtas na hÉireann]], a bhí reachtaithe ag Pairlimint na Ríochta Aontaithe sa bhliain 1920, bhí a leithéid de chomhairle reachtach ann, cé nár tháinig sí le chéile riamh roimhe seo, ós rud é gurbh fhearr le formhór a cuid feisirí Dáil Éireann. Anois, áfach, chruinnigh an Teach sin faoi dheoidh. Bhí na frith-Chonraitheoirí á bhaghcatáil, ar ndóigh, ach tháinig na Saorstátairí agus an ceathrar Aontachtóirí nár ghlac páirt in obair na Dála riamh, agus ar ndóigh, dhearbhaigh siad an Conradh.
 
== An Rialtas Sealadach ==
 
Bhí Dáil Éireann ann i gcónaí, de réir a Bunreachta a bhí i bhfeidhm ón mbliain 1919 ar aghaidh. D'éirigh de Valera as an Uachtaránacht agus é ag súil leis go n-atoghfaí é, ar dhóigh is go n-éireodh leis an Conradh a chur ar neamhní ansin. B'é Art Ó Gríofa a vótáladh isteach ina áit, áfach, agus b'eisean a shealbhaigh an Uachtaránacht. Níor thug sé "Uachtarán na hÉireann" air féin, áfach, ach "Uachtarán na Dála" - is é sin, an [[Ceann Comhairle]], más maith leat. Mar sin féin, ní raibh aon stádas dlíthiúil ag an rialtas seo, de réir dhlí bunreachtúil na Breataine Móire, agus tháinig rialtas eile ar an bhfód, agus é, go foirmeálta, freagrach do Theach Teachtaí Dheisceart Éireann.
Líne 118:
Ar dtús, rith comhréiteach leis an gCoileánach: bheadh bunreacht Poblachtánach ag an Saorstát nach ndéanfadh trácht ar bith ar an Rí, ach ní dhiúltófaí don Chonradh. Bhí an smaoineamh seo inghlactha ag an gcuid ba mhó de na Poblachtánaigh, leis. Chun scoilt na nÓglach a leigheas, bhunaigh an Coileánach Coiste Athaontaithe an Airm, agus bhí toscairí ón dá thaobh ina mbaill den Choiste. Ghlac sé buntáiste, freisin, ar an seasamh a bhí aige san IRB leis na hÓglaigh a mhealladh chun toiliú leis an gConradh. Ansin, áfach, dhiúltaigh na Gaill don bhunreacht Phoblachtánach, agus ní raibh comhréiteach ar bith ar fáil ó na Poblachtánaigh a thuilleadh. Mar sin, ní raibh an cogadh cathartha le seachaint ní ba mhó.
 
== An Cogadh Cathartha agus Bás an Choileánaigh ==
[[Íomhá:Portrait of Micheál Ó Coileáin.jpg|frame|right|Mícheál Ó Coileáin ag sochraid [[Art Ó Gríofa|Airt Uí Ghríofa]]]]
 
Líne 129:
Ar a bhealach trí Chontae Chorcaí, in aice le [[Béal na mBláth]], maraíodh Mícheál Ó Coileánach ar an dóú lá fichead de Mhí Lúnasa sa bhliain 1922. Thiomáin a thionlacan isteach i ngaiste a chuir na frith-Conraitheoirí áitiúla roimhe, agus dealraíonn sé gur piléar strae a bhuail é. B'eisean an t-aon duine amháin a fuair bás sa teagmháil. D'ordaigh sé do lucht a thionlactha stad agus an lámhach a fhreagairt, in áit tiomáint ar aghaidh agus é féin a choinneáil go sábháilte istigh ina ghluaisteán armúrtha, mar ab fhearr leis an bhfear a bhí mar leathbhádóir aige, [[Emmet Daltún]]. Ní raibh ach aon bhliain déag agus fiche slánaithe ag an gCoileánach, lá a bháis. Níltear ar aon fhocal faoi cé a mharaigh é, ach tá sé le léamh ar leabhair áirithe gurbh é [[Donncha Ó Néill]], "Sonny", iar-aimsitheoir de chuid Arm na Breataine Móire a chuaigh sna hÓglaigh, a scaoil an t-urchar a bhuail é. Fuair "Sonny" bás sa bhliain [[1950]].
 
== Oidhreacht an Choileánaigh ==
 
Áirítear Mícheál Ó Coileáin ar ceann de na seansanna móra caillte i stair na hÉireann. Fear ardéirimiúil, intleachtúil, paiseanta, dúthrachtach a bhí ann, agus chronaigh an stát úrbhunaithe go géar é, nuair nach raibh sé ann a thuilleadh. Beag beann ar an bhfreasúra, choinnigh sé soláthar agus tacaíocht leis na hÓglaigh i d[[Tuaisceart Éireann]], ach nuair a bhí sé imithe, d'éirigh lucht a chomharbais as an bpolasaí go sciobtha. Is éadócha go mbeadh sé chomh patuar i leith mholtaí Choimisiún na Teorann agus iad siúd a tháinig ina dhiaidh. Mhéadaigh sé ar mhéala a bháis go bhfuair an tUachtarán Ó Gríofa bás deich lá roimhe sin, le teann an stró a chuir imeachtaí na tíre air. Is ar éigean a chonacthas an Coileánach go poiblí i ndiaidh lá adhlactha a chara, agus é ag siúl ar lorg na cónra. Sula raibh seachtain iomlán thart, cuireadh an Coileánach féin sa reilig chéanna, [[Reilig Ghlas Naíon]] i mBaile Átha Cliath.
Líne 141:
Chuaigh de Valera i gcuimhne na ndaoine mar sheanfhear caoch ag caitheamh deireadh a shaoil leath ina phinsinéir ina Uachtarán ar Éirinn sna seascaidí agus i dtús na seachtóidí. Is é an chuimhne a choinnítear ar [[Liam Mac Cosgair]] ná gurbh eisean an Taoiseach ar thit sé ar a chrann cúrsaí airgeadais na tíre a chur ina seasamh arís i ndiaidh tuairteáil an stocmhalartáin sa [[Wall Street]]. Is é an rud is túisce a ritheann leis na daoine faoi Risteard Ó Maolchatha gurbh eisean a d'údaraigh bású na gcimí i rith an Chogaidh Chathartha. Maidir le hEoin Ó Dufaigh, b'eisean an póilín a chuaigh le polaitíocht agus a thug taithneamh d'fhaisisteachas [[Francisco Franco]]. An Coileánach, áfach, ní raibh sé i ndán dó a lámha a shalú i gcúrsaí na polaitíochta iarchogaidh. Eisean an fear óg glórmhar scafánta a bhí ábalta idir Phoblacht, Chonradh agus inspioráid mhillteanach a thabhairt do mhuintir na hÉireann, agus a fuair bás sular tháinig bláth ceart air, go díreach nuair a bhí a thír dhúchais ar thairseach an neamhspleáchais.
 
== An Scannán ==
 
Sa bhliain [[1996]], tháinig scéal Mhíchíl Uí Choileáin ar an scáileán, nuair a rinne an stiúrthóir [[Neil Jordan]] scannán de. B'é [[Liam Neeson]] a bhí i ról an Choileánaigh féin, agus b'í [[Julia Roberts]] a rinne páirt a chailín, [[Caitríona Nic Thiarnáin]]. Thairis sin, chonacthas [[Aidan Quinn]] ag déanamh pháirt [[Énrí Ó Beóláin|Énrí Uí Bheóláin]], agus b'ar chrann [[Alan Rickman]] a thit sé ról [[Eamon de Valera]] a dhéanamh. B'é an stiúrthóir féin, Neil Jordan, a chum an script, agus b'é [[Elliot Goldenthal]] an ceolchumadóir a sholáthair an fuaimrian.
Líne 176:
Bhí sé ceaptha ar dtús go gcoiscfeadh [[Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann|cinsire na scannán]] ar pháistí ab óige ná cúig bliana déag féachaint air, ach ó bhí an oiread sin tábhachta leis ó thaobh na staire de, is é an t-aicmiú a fuair sé ná PG - is é sin, tá sé ceadaithe do na páistí óga féin an scannán a fheiceáil ach na tuismitheoirí a bheith i láthair á mhíniú dóibh. D'eisigh an cinsire preasráiteas inar thagair sé don scannán mar shaothar as an ngnáth, agus é barúlach "go bhfágaim faoi na tuismitheoirí féin, cé acu ba chóir dá gclann é a fheiceáil", ó fuair sé ábhar an scannáin chomh tábhachtach sin.
 
== Tagairtí ==
{{Cómhaoin|Mícheál Ó Coileáin}}
{{reflist}}
 
== Naisc Sheachtracha ==
 
* [http://www.ucc.ie/celt/online/E900001-001/ The Path to Freedom; Bailiúchán de scríbhinní Mhíchíl Uí Choileáin]
Líne 197:
[[bg:Майкъл Колинс (политик)]]
[[br:Mícheál Ó Coileáin]]
[[ca:MichaelMícheál CollinsÓ (líder irlandès)Coileáin]]
[[cs:Michael Collins (politik)]]
[[cy:Michael Collins]]