An difríocht idir athruithe ar: "Constance Gore-Booth Markiewicz"

m
litriú
m (róbat ag mionathrú: fr:Constance Markievicz)
m (litriú)
[[File:Countess Markiewicz.jpg|mion|upright|Constance Gore-Booth Markiewicz.]]
Polaiteoir, náisiúnaí agus réabhlóidí [[Éire|Éireannach]] ab ea í '''Constance Gore-Booth''', níos deireanaí an ''ChúntaoisChuntaois Constance Markievicz'' ([[4 Feabhra]] [[1868]] [[Londain]] - [[15 Iúil]] [[1927]] [[Baile Átha Cliath]]). Áirítear ar laochra náisiúnta na hÉireann í. Is é "Markie'''v'''icz" gnáthlitriú a sloinne a úsáidtear in [[Éire|Éirinn]] sa lá atá inniu ann, ach is é an litriú a úsáidtear sa [[Polainnis|Pholainnis]] ná "Markie'''w'''icz", nó is mar v an Bhéarla a fhuaimnítear w na Polainnise. Nuair a scríobhadh an chéad bheathaisnéis Polainnise fúithi, ba é an leagan a d'úsáid an t-údar ná ''Konstancja Markiewiczowa''.
 
[[Íomhá:Constance2.gif|mion|upright|Constance Markiewicz in éineacht lena hiníon Maeve agus a leasmhac]]
 
==Laethanta a hÓige==
Saolaíodh Constance Georgine Gore-Booth i m[[Buckingham Gate]] i [[Londain]], agus b'é [[Sior Henry Gore-Booth]], an taiscéalaí, a hathair. Bhí sí ar an iníon ba sineshine sa teaghlach. Murab ionann agus formhór mór na dtiarnaí talún in [[Éire|Éirinn]], ní raibh Sior Henry ag dúshaothrú a chuid tionóntaí. Mar sin, más amhlaidh féin gur bean uasal ab ea í Constance, d'fhoghlaim trócaire agus daonnacht i leith na mbochtán agus í ag fás aníos. Bhí eastát an teaghlaigh, Teach Lios an Daill, suite i [[Contae Shligigh|gContae Shligigh]] in iarthuaisceart na hÉireann. Chuaigh Eva, deirfiúirdeirfiúr Constance, le gluaiseacht an luchtluchta oibre agus le gluaiseacht na mban, a bhí san am sin ag troid ar son chearta vótála na mban. Bhí an bheirt acu cairdiúil le [[W. B. Yeats|William Butler Yeats]], an [[filíocht|file]], agus é ag teacht ar cuairt go minic. D'fhág a chuid smaointeachais a lorg ar shaoldearcadh na ndeirféarachandeirfiúracha i leith na healaíne agus na polaitíochta.
 
==Pósadh agus Luathpholaiteoireacht==
[[Íomhá:Constance Markiewicz by John Butler Yeats.jpg|thumb|left|upright|Constance Markiewicz, [[John Butler Yeats]]]]
Theastaigh ó Constance dul leis an [[ealaín]]. Sa bhliain [[1893]], chuaigh sí ag foghlaim ealaíontóireachta i Scoil Slade i Londain. Ina dhiaidh sin, thug sí aghaidh ar [[Páras|Pháras]], áit ar casadh an CúntaCunta Polannach-Úcráineach Kazimierz Markiewicz (Casimir Dunin-Markievicz) uirthi. Ealaíontóir ab ea é agus baint aige le teaghlach uasal saibhir [[An Pholainn|Polannach]], ach bhí sé pósta cheana féin nuair a fuair sé aithne ar Constance. Sa bhliain [[1899]], áfach, cailleadh a bhean chéile, agus phós sé Constance sa bhliain [[1901]]. Mar sin, rinneadh an ChúntaoisChuntaois Markievicz di.
 
Chuir siad fúthu i [[Baile Átha Cliath|mBaile Átha Cliath]] sa bhliain [[1903]], agus bhain an ChúntaoisChuntaois clú nár bheag amach di ag dathú pictiúirípictiúir de thírdhreacha. Sa bhliain [[1905]], bhunaigh sí [[Club na nEalaíontóirí Aontaithe]] le gairm scoile a chur ar lucht ealaíon Bhaile Átha Cliath ar fad. San am sin, ní raibh baint dá laghad ag an gCúntaoisgCuntaois le haon chineál polaitíochta, gan aon trácht a dhéanamh ar an [[Poblachtánachas in Éirinn|bPoblachtánachasbPoblachtachas]]. Ansin, sa bhliain [[1906]], thit rud éigin amach a thug uirthi saol na n-ealaíon a thréigean ar mhaithe leis an náisiúnachas Éireannach. Sa bhliain sin, fuair sí ar cíos bothán tuaithe in aice le Baile Átha Cliath, agus is amhlaidh gurbh é an file [[Pádraic Colum]] a bhí ina chónaí ansin roimpise. D'fhág sé ina dhiaidh seanchóipeanna de ''The Peasant'' agus de ''Sinn Féin''. Foilseacháin réabhlóideacha ab ea iad seo a bhí ag éileamh go mbrisfí an nasc leis [[an Bhreatain|an mBreatain Mhór]]. Léigh an ChúntaoisChuntaois na hirisí seo, agus chuaigh siad go mór mór i gcion uirthi.
 
Sa bhliain [[1908]], chuaigh an ChúntaoisChuntaois go hoscailte le polaitíocht agus le náisiúnachas. Chuaigh sí i [[Sinn Féin]] agus in Inghinidhe na hÉireann (is é sin, Iníonacha na hÉireann, i dteanga chaighdeánaithe an lae inniu), is é sin, gluaiseacht na náisiúnaithe ban. Sa bhliain chéanna, bhí sí ina hiarrthóir don PhairlimintPharlaimint. Bhí sí le toghadh i ndáilcheantar [[Manchain|Mhanchain]], an áit a raibh [[Winston Churchill]] ina iarrthóir chomh maith. Chaill sí an toghchán, ach mar sin féin, ba mhillteanach an dul chun cinn agus an t-athrú saoil a bhí déanta aici. I rith dhá bhliain, d'iompaigh an ChúntaoisChuntaois ina polaiteoir déanta.
 
Sa bhliain [[1909]], bhunaigh sí [[Fianna na hÉireann]] (is minic a úsáidtear an leagan "Na Fianna Éireann", cé nach bhfuil sé ag teacht le ceart na teanga). Bhí na Fianna an-chosúil le gluaiseacht na nGasóg, a bhí bunaithe ag an Tiarna Baden-Powell, ach má bhí féin, bhí cuma i bhfad ní ba mhíleata ar an ngluaiseacht Éireannach, agus na buachaillí ag foghlaim úsáid a bhaint as na hairm thine, mar shampla. B'é dearcadh [[Pádraig Mac Piarais|Phádraic Mhic Phiarais]] go raibh an tábhacht chéanna ag baint leis na Fianna agus le [[Óglaigh na hÉireann|hÓglaigh na hÉireann]], ar cuireadh bun leo sa bhliain [[1913]]. Sa bhliain [[1911]], caitheadh an ChúntaoisChuntaois i dtóin phríosúin i ndiaidh di páirt ghníomhach a ghlacadh sna hagóidí in aghaidh chuairt an [[Rí Seoirse a Cúig]] ar Éirinn. Le linn an [[Frithdhúnadh Mór Bhaile AthaÁtha Cliath|Fhrithdhúnta]] sa bhliain [[1913]], chuaigh in [[Arm Cathartha na hÉireann|Arm Cathartha]] [[Séamus Ó Conghaile|Shéamuis Uí Chonghaile]], agus í ag reachtáilreáchtáil cistin anraitheanraith le riaradh ar na hoibrithe nach raibh luach a mbia acu.
 
==Éirí Amach na Cásca==
[[Íomhá:Constance1.jpg|thumb|upright|An ChúntaoisChuntaois faoi shainéide an tsaighdiúra]]
Sa bhliain [[1913]], thug a fear céile a aghaidh ar [[an Úcráin]], agus níor fhill sé riamh. Is féidir go raibh baint éigin le gníomhaíochtaí a mhná leis an éalú seo. Cibé scéal é, bhí an ChúntaoisChuntaois páirteach in [[Éirí Amach na Cásca]] sa bhliain [[1916]], mar shaighdiúir in [[Arm Cathartha na hÉireann]], agus ghoin sí snípéir de chuid Arm Shasana. B'é a col ceathair féin a chimigh í i ndiaidh na gcathanna, agus gearradh breith an bháis di. Ós bean a bhí inti, áfach, mhalartaigh an Ginearál Maxwell pionós an bháis ar phríosúnacht saoil.
 
Scaoileadh an ChúntaoisChuntaois saor ón bpríosún arís sa bhliain [[1917]], nuair a thug rialtas na Breataine Móire ollmhaithiúnas dóibh siúd a throid in Éirí Amach na Cásca. Faoin am seo a d'athraigh an ChúntaoisChuntaois a creideamh ó [[Eaglais na hÉireann]] go [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Caitliceachas]].
 
==An Chéad Dáil==
Sa bhliain [[1918]], príosúnaíodh arís í, agus an pháirt a bhí aici san fheachtas in aghaidh an choinscríofa. San olltoghchán i Mí na Nollag, 1918, vótáladh isteach ar an b[[an Chéad Dáil|PairlimintParlaimint]] í, chomh maith le dháréag iarrthóir is trí scór eile de chuid Shinn Féin. Mar sin, bhí sí ar an chéad Fheisire mná riamh i dTeach na dTeachtaí. Ó bhí Sinn Féin ar fad ag staonadh ón bpairlimintbparlaimint, dhiúltaigh sí glacadh leis an suíochán a bhí bainte amach aici.
 
Bhí an ChúntaoisChuntaois ar duine acu siúd a tháinig le chéile i mBaile Átha Cliath le [[Dáil Éireann]] a fhógairt an chéad uair riamh. Bhí sí ina [[Teachta Dála]] ar an Dara [[Dáil Éireann|Dáil]] chomh maith, i ndiaidh an toghcháin sa bhliain [[1921]].
 
Chaith an ChúntaoisChuntaois seal ina hAire Oibreachais ó Mhí Aibreáin [[1919]] go Mí Eanáir [[1922]], ar an Chéad Rialtas agus ar an Dara Rialtas de chuid na Dála. Bhí sí ar an chéad bhean riamh a bhí ina hAire Rialtais in Éirinn, agus níor ceapadh an chéad Aire mná eile roimh an mbliain 1919, nuair a rinneadh Aire na Gaeltachta de Mháire Geoghegan-Quinn.
 
==An Cogadh Cathartha agus Fianna Fáil==
 
D'éirigh an ChúntaoisChuntaois as an rialtas i Mí Eanáir [[1922]] in éineacht le h[[Eamon de Valera]] agus an chuid eile acu siúd nár ghlac leis an [[Conradh Angla-Éireannach|gConradh Angla-Éireannach]]. Throid sí chomh maith le duine sna hÓglaigh in aghaidh an Chonartha. Tar éis an [[Cogadh Cathartha na hÉireann|chogaidh]], chuaigh sí ag taisteal [[SAM|Mheiriceá]]. Níor vótáladh isteach í i dtoghchán na bliana [[1922]], ach sa chéad bhliain eile, toghadh í do dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Theas. De réir pholasaí staonaireachta Shinn Féin, dhiúltaigh sí glacadh leis an suíochán. Thuill a dearcadh dearg-Phoblachtach seal i bpríosún di arís, agus istigh ansin di, chuaigh sise agus dháréag bhanphríosúnach eile is ceithre scór ar stailc ocrais. I gceann míosa, bhí sí saor arís. Ba chuimhin le lucht rialtais an [[Saorstát Éireann|tSaorstáit]] i gcónaí an náire shaolta a tharraing stailceanna ocrais [[na Sufraigéidí]] ar rialtas na Breataine Móire roimh an gcogadh.
 
Chuaigh an ChúntaoisChuntaois i [[Fianna Fáil|bhFianna Fáil]] a thúisce is a bunaíodh an páirtí sin, sa bhliain [[1926]]. Bhí sí ina cathaoirleach ar chruinniú bunaidh an pháirtí in [[Amharclann La Scala]]. Toghadh ina Teachta ar an gcúigiú Dáil í i Mí an Mheithimh, [[1927]], ach fuair sí bás sula raibh de sheal aici glacadh leis an suíochán. Galar tobann a thug a bás. B'fhéidir go raibh sí tar éis eitinn a tharraingt ó na bochtáin a raibh sí ag freastal orthu, murarbh é an t-[[aipindicíteas]] é. hAdhlacadh í i [[Reilig Ghlas Naíon]] i mBaile Átha Cliath.
 
==Féach freisin==
543

edits