An difríocht idir athruithe ar: "Liam Ó Flaithearta"

Content deleted Content added
m róbat ag mionathrú: ru:О’Флаэрти, Лиам
m litriú
Líne 3:
 
== Saol ==
Rugadh an Flaitheartach ar an 28 LunasaLúnasa 1896 i n[[Gort na gCapall]] in [[oileáin Árann|Árainn]]. Chuaigh sé ar meánscoil i g[[Coláiste Charraig an Tobair]] i g[[Contae Thiobraid Árann]] agus [[Coláiste na Carraige Duibhe]] i m[[Baile Átha Cliath]], agus as sin go [[Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath]]. Ach níor lean sé i bhfad ann. Chuaigh sé in arm Shasana sa [[Chéad Chogadh Domhanda]], ach cuireadh as an líne é mar go raibh 'shell shock' air. Rinne sé roinnt mhaith taistil ar an mór-roinn ina dhiaidh sin. Níos deireanaí, bhí plé aige le [[cumannachas]], agus bhí páirt aige in éirí amach sóisialach sa Rotunda i m[[Baile Átha Cliath]], nár mhair ach lá nó dhó. Chuaigh sé go [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]] freisin, áit ar mhol a dheartháir, Tom, dó dul ag scríobh, i dtús báire do d'iris CumannachChumannach a bhí á churcur in eagar aige féin.
 
== Saothair ==
Bhain sé an-cháil amach ó na fichidí anonn mar scríbhneoir ghearrscéalta agus úrscéalta. Scríobh sé roinnt filíochta freisin.
I measc a chuid úrscéalta, tá ''Famine'', ''The Black Soul'', ''Return of the Brute'', ''The Informer'', ''The Assassin'', ''The Martyr'', ''Land'', ''The Pilgrim'', ''Insurrection'', ''The Wilderness'', ''Thy Neighbour's Wife'', ''Mr Gilhooley'', agus ''Skerritt''. Cuireadh trí leabhar beathaisnéise leis i gcló, ''I went to Russia'', ''Two Years of my Life'', agus b'fhéidir an ceann is suimiúla acu, ''Shame the Devil''. I measc a leabhair gearrscéalta, tá ''Spring Sowing'', ''Two Lovely Beasts'' agus cnuasaigh éagsúla eile, maraonmar aon le ceann amháin Gaeilge, ''Dúil''. Scríobh sé an dán 'Na Blátha Craige' ina léiríonn sé a ghrá don dúlra, ag úsáid íomhánna ón nádúr in Árainn. Fásann na blátha craige, bláthanna beaga bán-dearg ar thalamh nó ar charraigeacha aolchloiche.
 
{{síol}}