An difríocht idir athruithe ar: "An Mhongóilis"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 12:
|rialtóir=''Níl údarás teanga ann''
|iso1=mn|iso2=mon|iso3=mon}}
[[Teangacha Mongólacha|Teanga Mhongólach]] is ea an '''Mhongóilis'''. Is í teanga oifigiúil na [[An Mhongóil|Mongóile]] í, áit a bhfuil sí á labhairt ag corradh is 2 mhilliún duine. Is í an [[aibítir Choireallach]] a úsáidtear leis an Mongóilis a scríobh sa Mhongóil féin, ach is í an [[aibítir Mhongólach]] atá in úsáid sa [[Daonphoblacht na Síne|tSín]]. Le fírinne, is deacair a rá, an canúintí nó teangacha Mongólacha iad na leaganacha den teanga a labhraítear sa tSín. Sa Mhongóil féin, tá caighdeán na Mongóilise bunaithe ar an gcanúint a labhraítear sa stát sin, is é sin, an "Chalcha-Mhongóilis". Na Mongólaigh sa tSín, áfach, úsáideann siad i gcónaí an caighdeán clasaiceach a théann leis an aibítir Mhongólach. Tá sé i gceist ag na Mongólaigh sa Mhongóil féin cromadh ar ais ar a gcuid seanlitreach a úsáid, ach níor éirigh leis an athrú seo go rómhaith fós. Tá an scríbhneoireacht Chlasaiceach á múineadh sna scoileanna inniu, agus súil leis go rachaidh sí in úsáid níos forleithne de réir a chéile.
 
Teanga tháite ghreamaitheach í an Mhongóilis, is é sin, teanga shintéiseach, agus mar sin, is minic a chuirtear iarmhír i ndiaidh a chéile le tamhan an fhocail chun foirmeacha gramadaí a chruthú nó focail nua a fhréamhú. Tá deilbhíocht shaibhir ag na briathra, ó thaobh na n-aimsirí, na modhanna agus na rangabhálacha de, ach ní chuirtear pearsa an ainmní in iúl le haon iarmhír ar leith - caithfidh tú an t-ainmní a lua. (Is é sin, níl foirm sa Mhongóilis cosúil le "labhraím" na Gaeilge - caithfidh tú "labhraíonn mé" a rá.) Maidir leis na hainmfhocail, tá ocht dtuiseal acu: an t-ainmneach, an ginideach, an tabharthach, an t-áinsíoch, an t-ochslaíoch, an t-uirliseach, an tionlacthach, agus an treóch.