An difríocht idir athruithe ar: "Giorgio Perlasca"

Content deleted Content added
m róbat ag mionathrú: th:จอร์จิโอ เพอร์ลาสกา; cosmetic changes
Líne 1:
[[FileÍomhá:Giorgio Perlasca szobra.jpg|mion|Dealbh Perlasca i [[Búdaipeist]].]]
 
Fear gnó ón Iodáil ab ea é '''Giorgio Perlasca''' (rugadh é i gComo, [[an Iodáil]], [[31 Eanáir]] [[1910]], fuair sé bás i bPadova ar an [[15 Lúnasa]] [[1992]]) a shábháil na mílte [[Giúdachas|Giúdaigh]] i [[Budapest|mBudapest]], san [[an Ungáir|Ungáir]], i mblianta deiridh [[an Dara Cogadh Domhanda]], cé gur [[Faisisteachas|Faisisteach]] a bhí ann féin ó thús. Is minic a cuireadh i gcomparáid le h[[Oskar Schindler]] é.
Líne 8:
De réir a chéile, áfach, d'éirigh Perlasca drochamhrasach i leith an Fhaisisteachais. Go háirithe, bhí sé míshásta leis na dlíthe frith-Ghiúdacha a reachtaíodh sa bhliain 1939 agus leis an dóigh a raibh an Iodáil ag comhoibriú leis [[an Ghearmáin|na Gearmánaigh]] sa chogadh.
 
== An Dara Cogadh Domhanda ==
Nuair a thosaigh [[an Dara Cogadh Domhanda]], bhí Perlasca ag obair do chomhlacht Iodálach a bhí ag cur mairteola i gcannaí stáin. Mar cheannaí feola don ghnó cannála sna Balcáin, chaith sé an chéad chupla bliain cogaidh san [[an Iúgsláiv|Iúgsláiv]], ach sa bhliain 1942, chuaigh sé go Budapest san Ungáir. Thaitin an áit go mór leis, agus d'éirigh sé mór le go leor daoine ansin.
 
Líne 29:
Faoi na himthoscaí seo, bhí Perlasca ábalta na mílte Giúdaigh a shábháil ón Uileloscadh. Ba mhinic a rachadh sé idir lucht na Saighdeadchroise agus na Giúdaigh agus é á chur féin i ndainséar an bháis leis na daoine faoina choimirce a chosaint.
 
== I nDiaidh an Chogaidh ==
 
I ndiaidh an chogaidh, thug Perlasca tuairisc chuimsitheach ar a raibh déanta aige. Scríobh sé doiciméad chuig rialtas na Spáinne inar chardáil sé na himeachtaí san Ambasáid i ndiaidh éalú Sanz Briz go dtí an Eilvéis. Bhain na húdaráis Spáinneacha úsáid as éacht Perlasca le hiad féin a chosaint ar líomhaintí faoi fhrith-Ghiúdachas, ach níor thagair siad d'ainm Perlasca ar aon nós. San Iodáil féin, níor chuir na polaiteoirí ná na hiriseoirí suim ar bith ina raibh déanta aige. Bhí saol crua aige agus an t-airgead gann, agus ní bhfuair sé a cheart sular chuir na Giúdaigh féin, iad siúd a shábháil sé, an scéal os comhair an tsaoil mhóir. Go gairid roimh a bhás, sa bhliain 1989, fuair sé a chrann féin agus a leac chuimhneacháin féin i [[Yad Vashem]], an choill atá tiomnaithe do chuimhne na bhFíréan i measc na Náisiún, is é sin, na daoine nár Ghiúdaigh iad a tháinig chun tarrthála do na Giúdaigh i mblianta an Uilelosctha.
 
Sa bhliain 2002, rinne teilifís na hIodáile scannán faoi éacht Perlasca, ''Perlasca, un eroe italiano'' ("Perlasca, laoch Iodálach").
 
[[Catagóir:An Dara Cogadh Domhanda|Perlasca, Giorgio]]
Líne 55:
[[pt:Giorgio Perlasca]]
[[sv:Giorgio Perlasca]]
[[th:จอร์จิโอ เพอร์ลาสก้าเพอร์ลาสกา]]