An difríocht idir athruithe ar: "Luas (tram)"
Content deleted Content added
Luckas-bot (plé | dréachtaí) m róbat ag suimiú: no:Luas |
No edit summary |
||
Líne 2:
[[Image:Luas network map (ga).svg|thumb|right|400px|Léarscáil den chóras a thaispeánann stadanna na Líne Deirge agus na Líne Glaise]]
Córas
Thosaigh tionscadal Luas faoi stiúradh [[Córas Iompair Éireann]], ach cuireadh é faoi smacht an [[an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród|GFI]], nuair a bunaíodh an eagraíocht sin sa bhliain 2001, agus bíonn an córas á oibriú ag [[Veoila Transport]]. Is cuid tábhachtach de straitéis Oifig Iompair Átha Cliath é. Tá dhá shíneadh do na línte atá ann cheana á dtógáil faoi láthair agus tá roinnt síntí eile á bpleanáil de réir an phlean iompair atá ag rialtas na hÉireann, mar atá, [[Iompar 21]] (Transport 21).<ref>[http://www.transport21.ie/PROJECTS/METRO_-_LUAS/Navigation.html Transport21.ie - Liosta de na tionscadail Luas atá á gcruthú faoi Transport 21 | accessdate=2008-02-08]</ref>.
[[Íomhá:Ireland_-_Dublin_-_Tram.jpg|300px|thumb|clé|An Luas in aice le Stáisiún Heuston]]
<div style="clear:left"></div>
==Stair==
Cuireadh smaoineamh do chóras tramanna nua nó do chóras iarnróid éadróma le aghaidh chathair Bhaile Átha Cliath ar aghaidh don chéad uair sa bhliain 1994, ag tuarascáil [[Thionscnamh Iompair Átha Cliath|Thionscnamh Iompair Átha Cliath]]. Rinneadh tagairt do [[bunthrambhealach Átha Cliath|bhunthrambhealach Átha Cliath]] sa tuarascáil sin. Ba thrambhealach é a ritheadh timpeall na cathrach le rian de 60 cm ar fhad. I ndiaidh na tuarascála seo, iarradh ar Chóras Iompair Éireann (CIÉ), oibritheoir iompair phoiblí na hÉireann faoi úinéireacht an stáit, stáidéar a dhéanamh ar na roghanna difriúla maidir le córas tramanna. Moladh dhá chéim maidir le tógáil córais den sórt sin ag CIÉ:
* Céim 1: [[Tamhlacht]] go [[Baile Gearainn]]/[[Baile Amhlaoibh]] via an Lár
* Céim 2: [[Baile Munna]] go dtí an Lár agus [[Baile Gearainn]]/[[Baile Amhlaoibh]] go h[[Áth an Ghainimh]]
Cruthaíodh creat dlíthiúil ag an [[an tAcht Iompair 1996|Acht Iompair 1996]] chun córas iarnróid éadroma a thógáil ag CIÉ agus i Mí na Bealtaine 1997 cuireadh an chuideachta iarratas isteach ar Ordú Iarnróid Éadroma chun an chéad chéim a thógáil chomh maith le cuid éigin de chéim 2 (Baile Gearainn/Baile Amhlaoibh go hÁth an Ghainimh).
Tosaíodh fiosrúchán i Mí Iúil 1997, ach cuireadh ar feitheamh é chun imscrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht stráicí an chórais a thógáil faoi thalamh sa Lár. I Mí na Bealtaine 1998, beartaíodh ag an rialtas dhá líne a thógáil agus mar sin, leasaíodh na pleananna. Ritheadh an chéad líne ó Thamhlacht go Stáisiún Uí Chonghaile, agus ritheadh an dara líne ó h[[Eastát Tionsclaíoch]] Áth an Ghainimh go h[[Aerfort Bhaile Átha Cliath]], trí lár na cathrach agus trí Bhaile Munna. Bheadh cuid den dara líne faoi thalamh i lár na cathrach.
Aistríodh an fhreagracht as forbairt an Luas ó CIÉ go dtí [[an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród]], gníomhaireacht nua a cruthaíodh sa bhliain 2001.
Tosaíodh obair ar an líne ó Tamhlacht go Stáisiún Uí Chonghaile i Márta 2001, chomh maith le cuid den dara líne (Áth an Ghainimh go Faiche Stiabhna). Ba iad [[Ansaldo]] na [[an Iodáil|hIodáile]] agus [[MVM]] na [[an Astráil|hAstráile]] na cuideachtaí a fuair conradh an córas a thógáil. Tréigeadh an chuid den chóras a ritheadh ó [[Faiche Stiabhna|Fhaiche Stiabhna]] go hAerfort Bhaile Átha Cliath roimh a tógáil, áfach, mar beartaíodh [[meitreo]] a thógáil ina ionad sin chun freastal ar an gceantar. Bronnadh an conradh chun an córas a fheidhmiú agus a chothabháil ar [[Veolia Transport Ireland]] (dá ngairtí Connex roimhe sin).
Cuidíodh forbairt an Luas le cistiú ón [[Aontas Eorpach|AE]] de 82,5 miliún [[€]] faoi
[[Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa|Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa]] (CFRE). Cruinneofar cuid de chostas ar roinnt sintí molta trí thobhaigh ar fhorbairtí i gceantair gar don bhealach beartaithe (m.sh. thar 50% de Líne B1 go [[Coill na Silíní]]).
== Tagairtí ==
|