An difríocht idir athruithe ar: "An Vítneaimis"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: frp:Viêtnamien
m róbat ag suimiú: ext:Luenga vietnamita; cosmetic changes
Líne 1:
{{Teanga
|ainm=Vítneaimis
|ainm_sa_teanga=TiếngTiếng ViệtViệt
|tír_a_labhraíonn_í_with_in=[[Vítneam]], [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe Mheiriceá]], [[An Fhrainc]], [[an Chambóid]], agus i [[tír|dtíortha]] éagsúla eile
|réigiún=Oirdheisceart na hÁise
|cainteoirí=tuairim is 77 milliún
|rang=~
|líne_ghinealaigh=[[Teangacha Ostráiseach|Ostráisis]]<br />&nbsp;[[Teangacha Mon-Khmer|Mon-Khmer]]<br />&nbsp;&nbsp;[[Teangacha Viet-Muong|Viet-Muong]]<br />&nbsp;&nbsp;&nbsp;'''Vítneaimis'''
|teanga_oifigiúil_ginideach=[[Vítneam]]
|rialtóir=''Rialtóir ar bith''
Líne 13:
|iso3=vie
}}
Is í an '''Vítneaimis''' [[teanga]] náisiúnta [[Vítneam]]. Labhraíonn tuairim is 75 mhilliún [[duine]] ar fud an domhain an teanga seo. Cosúil lena lán teangacha in oirthear na h[[An Áise|Áise]], ar nós na [[Sínis|Sínise]]e mar shampla, is teanga [[Teanga thonúil|thonúil]] í an Vítneaimis. Ciallaíonn an méid sin gur féidir nach bhfuil de dhifríocht idir dhá fhocal sa teanga seo ach an tuin a théann leo. Bíonn na tuineacha difriúla ag obair cosúil leis na fuaimeanna difriúla ag aithint focail dhifriúla thar a chéile, agus mar sin, tugtar [[Tuinéim|tuinéimí]] orthu, díreach mar a thugtar [[Fóinéim|fóinéimí]] ar fhuaimeanna éagsúla.
 
== Stair ==
 
Inniu, is teanga scoite í an Vítneaimis ó thaobh na bhfoirmeacha gramadaí de, is é sin, ní bhaintear úsáid as míreanna gramadúla a ghreamófaí de na focail, mar a dhéantar sna teangacha táite. Teangacha scoite iad an chuid is mó de theangacha Oirthear na hÁise. Dealraíonn sé, áfach, go raibh an Vítneaimis, i dtús a staire, i bhfad níos cosúla leis na teangacha Astráiseacha, is é sin, go raibh moirfeolaíocht infhillte aici chomh maith le grúpaí de chonsain. Faoi thionchar na timpeallachta, áfach, tháinig athrú mór ar na cúrsaí. Mar sin, tháinig an mhoirfeolaíocht scoite in áit na míreanna gramadúla, agus forbraíodh na tuineacha sa Vítneaimis, cé nach raibh a leithéidí ann ar dtús. Is féidir cosúlachtaí a aithint idir córas tuineacha na Vítneaimise agus an córas a úsáidtear i gcanúint Chantanach na Sínise, rud a thugann le fios go raibh páirt nach beag ag an gcanúint sin i bhforbairt an chórais sa Vítneaimis.
Líne 21:
Ó b'í an tSínis teanga na cumhachta polaitiúla sa chearn seo den domhan ón dara haois roimh bhreith Chríost anuas, thosaigh focail agus téarmaí ag tonnadh isteach ón tSín, go háirithe téarmaí a bhí ag baint leis na cúrsaí polaitíochta agus riaracháin. B'í an tSínis Chlasaiceach an t-aon teanga liteartha amháin a shaothraítí i Vítneam san am seo, leis. Dá thoradh sin, is focail ''Hán Việt'' (focail Shíneach-Vítneamacha) iad an chuid is mó d'fhoclóir na Vítneaimise inniu féin.
 
== Stádas oifigiúil ==
 
Is í an Vítneaimis teanga oifigiúil [[Vítneam]]. Cé go bhfuil sí á labhairt ag na Vítneamaigh leis na cianta cairbreacha anuas, ní bhfuair sí stádas ceart oifigiúil i gcúrsaí riaracháin na tíre roimh an bhfichiú haois. An chuid ba mhó den am, b'í an tSínis Chlasaiceach a rinne an gnó sin. Bhí an leagan ''Chữ Nôm'' den Vítneaimis á úsáid i gcúrsaí riaracháin nuair a bhí na rítheaghlaigh Ho (1400-1407) agus Tay Son (1778-1802) ag rialú na tíre. Nuair a choilínigh na Francaigh an tír, chuir siad an Fhraincis in áit na Sínise mar theanga oifigiúil riaracháin. Níor bronnadh an stádas oifigiúil ar an Vítneaimis sular fhág na Francaigh an tír.
 
== Canúintí ==
 
Tá canúintí éagsúla ann sa Vítneaimis, ach má bhíonn duine in ann canúint amháin a thuiscint, is dócha go mbainfidh sé ciall mhaith as na canúintí eile fosta. Go ginearálta, tá an teanga roinnte idir trí chanúint mhóra: an ceann tuaisceartach nó an "Taincínis" (a labhraítear i [[Hanoi]] agus i dtuaisceart Vítneam), an chanúint láir nó an "Ard-Annaimis" (a labhraítear i n[[Danang]] agus i [[Hué]], srl.), agus an ceann deisceartach nó an "Chóitínis" (a labhraítear sa cheantar in aice le [[Saigon]]/[[cathair Ho Chi Minh]] agus in áiteanna eile i ndeisceart Vítneam).
 
== Gramadach ==
 
Cosúil leis an gcuid is mó de na teangacha a labhraítear in Oirthear na hÁise, tá gramadach na Vítneaimise bunaithe ar pháirteagail scoite seachas ar mhíreanna táite. Na feidhmeanna gramadúla a chuirtear in iúl leis an infhilleadh sna teangacha Eorpacha, is ar ordú na bhfocal agus ar na páirteagail a aithnítear iad sa Vítneaimis.
Líne 35:
Is minic a deirtear gur teanga aonsiollach í an Vítneaimis tríd is tríd, ach ní fíor an méid sin. Cé nach bhfuil ach aon siolla amháin i gcuid mhaith de na focail, is déshiollaigh iad an formhór acu. Is fearr a rá go bhfuil an chuid is mó de na moirféimí aonsiollach.
 
== Scríobh ==
 
De réir mar a bhí sí ag fáil ardú céimíochta sa tsochaí timpeall ar thús na dara mílaoise i ndiaidh bhreith Chríost, chuaigh an Vítneaimis in úsáid mar theanga liteartha. Go bunúsach, ba iad na litreacha Síneacha a cuireadh i bhfeidhm ar an Vítneaimis - córas ar a dtugtar Chữ Nôm as Vítneaimis. Bhláthaigh an Vítneaimis mar theanga liteartha san ochtú haois déag, nuair a bhí filí clasaiceacha cosúil le Nguyễn Du (1765-1820) agus Hồ Xuân Hương (1772-1822) i mbun pinn. Ba é Nguyễn Du a chum eipic náisiúnta Vítneam, Truyện Kiều (Scéal Kieu). Chleachtadh na filí seo an córas Chữ Nôm, ar ndóigh.
Líne 47:
Ní bhaintear mórán úsáide as an gcóras Chữ Nôm inniu, ach múintear é i gcónaí sna hollscoileanna mar eochair don tSínis agus mar chúrsa uraiceachta dóibh siúd a bhíonn ag staidéar léann Oirthear na hÁise.
 
== Litríocht ==
 
== Sampla ==
 
Seo sliocht as an dán [[Truy&#7879;nTruyện Ki&#7873;uKiều]] leis an bhfile [[Nguy&#7877;nNguyễn Du]] (1765-1820). Scríobhadh an chéad leagan den dán síos sna litreacha Síneacha de réir an chórais [[Chu nom]]. Teagasctar sna scoileanna ar fud Vítneam anois é.
 
:Tr&#259;mTrăm n&#259;mnăm trong cõi ng&#432;&#7901;ingười ta,
:Ch&#7919;Chữ tài ch&#7919;chữ m&#7879;nhmệnh khéo là ghét nhau.
:Tr&#7843;iTrải qua m&#7897;tmột cu&#7897;ccuộc b&#7875;bể dâu,
:Nh&#7919;ngNhững &#273;i&#7873;uđiều trông th&#7845;ythấy&#273;auđau &#273;&#7899;nđớn lòng.
:L&#7841;Lạb&#7881;bỉ s&#7855;csắc t&#432; phong,
:Tr&#7901;iTrời xanh quen thói má h&#7891;nghồng &#273;ánhđánh ghen.
 
:''Míle bliain de shaol na ndaoine,''
Líne 75:
[[Catagóir:Vítneam]]
 
{{Nasc AR|sv}}
{{Nasc AR|vi}}
 
{{Nasc AR|sv}}
 
[[ar:لغة فيتنامية]]
Line 91 ⟶ 90:
[[es:Idioma vietnamita]]
[[eu:Vietnamera]]
[[ext:Luenga vietnamita]]
[[fa:زبان ویتنامی]]
[[fi:Vietnamin kieli]]