An difríocht idir athruithe ar: "Guerra de guerrillas"

leabhar le Che Guevara
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is leabhar é '''Guerra de guerrillas''' (Treallchogaíocht i Spáinnis) a scríobh an muirthéachtaí agus treallchogaí Mharxach Airgintíneach-Cúbach [[Ernesto Gue...'
(No difference)

Leagan ó 13:24, 19 Iúil 2010

Is leabhar é Guerra de guerrillas (Treallchogaíocht i Spáinnis) a scríobh an muirthéachtaí agus treallchogaí Mharxach Airgintíneach-Cúbach Ernesto Che Guevara. Foilsíodh i gCúba é sa bhliain 1960, tamaillín tar éis gur éirigh le Fidel Castro agus a lucht leanúna, ina raibh Guevara mar cheann de na taoisigh, an bua a fháil sa chogadh a threascair an deachtóir Fulgencio Batista.

Bheartaigh Guevara go mbeadh an leabhar mar lámhleabhar do dhaoine eile le go mbeidh siad in ann foghlaim ó cad a rinne sé agus na treallchogaithe eile a bhí mar chuid den ghluaiseacht Movimiento 26 de julio fad is a bhí siad ag troid. Theastaigh uaidh go mbainfidh sochraidí Mharxacha eile leas as a smaointe agus go gcuirfidh siad i bhfeidhm iad sna háiteanna ina raibh siad gníomhach, cibé acu Meiriceá Laidineach, An AfraicAn Áis. Dá bhíthin sin, aistríodh an leabhar go Béarla agus Portaingéilis don CIA agus léigh na sochraidí fhrith-éiritheach é chun ceachtanna a fhoghlaim conas dul i ngleic le treallchogaithe. Bhí sé mar ábhar léite sa longfort conspóideach a bhí faoi stiúir an CIA i bPanama, Scoil na Meiriceá (Escuela de las Américas). Tharla an rud céanna nach mór leis an leabhar “Minimanual del guerrillero urbano”, 1969, a scríobh an Brasaíleach fir Carlos Marighella. Aistríodh a leabhar go Béarla agus Spáinnis.

Cé go bhfuil a lán cosúlachtaí idir a leabhar agus an leabhar a scríobh an taoiseach Síneach Mao Zedong, "Maidir le Treallchogaíocht", mhaígh Guevara nár léigh sé an leabhar sin riamh. Dúirt sé scríobh sé a shaothar bunaithe ar a thaithí féin fad agus a bhí sé ag fearadh cogadh, a chríochnaigh le bua ar an 1 Eanáir, 1959. Ina theannta sin, léigh Guevara dhá leabhar a foilsíodh le linn Chogadh Cathartha na Spáinne (1936-1939), dar teideal "Cogaí Nua" agus "Leighis i gcoinne Gabháltas" faoi seach. Leag na leabhair seo béim ar thábhacht spreagadh polaitiúil agus modhanna eagraíochta.

Os a chionn sin, mhaígh Guevara gur beart den scoth í treallchogaíocht chun troid in aghaidh rialtais ansmachtúla, mar a bhí an rialtas ag Fulgencio Batista i gCúba féin. Mar sin féin, mhol sé leas a bhaint as gach dóigh chun dul i ngleic "go dleathach" le "rialtais daonlathacha meánaicmeacha" roimh dul i muinín an fhoréigin.

Thiomnaigh Guevara an leabhar i gcuimhne a chomhlaoch Camilo Cienfuegos, a d'éag i dtimpiste eitleáin ar an 28ú de Dheireadh Fómhair 1959, tamaillín tar éis dóibh an bua a fháil sa mhuirthéacht.