An difríocht idir athruithe ar: "Led Zeppelin"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 20:
Bhí 1998 ann nuair a bhailigh siad an mhuinín iarracht nua a dhéanamh. Sheinn siad seó amháin ar an 14 Bealtaine 1988, coirm cheoil do 40ú bliain cothrom an lae Atlantic Records. Thit an tóin as arís, áfach, agus Plant agus Page ag argóint le chéile sna soicind sular bhuaileadar an stáitse, faoin amhrán Stairway to Heaven mar a tharla sé.
 
D'éirigh i bhfad níos fearr leo sa bhliain 2007 nuair a sheinneadar ceolchoirm ina iomlán ar an 10 Nollaig, in ómós don fheidhmeannach cheoil Ahmet Ertegün. Ghlac Jason Bonham áit a athar John ar na drumaí, agus chuireadar sár-thaispeántas isteach os comhair lucht féachana díograiseach de cheoltóirí agus dian-leantóirí. Rath mhór a bhí ann, dar leis na gcriticí agus daoine i láthair, a tháinig mar chruthúnas go raibh ainm an bhanna fós in airde agus go raibh margadh agus meas mór dóibh. Cé go raibh Page, Jones agus Bonham sásta teacht le chéile chun ceol nua a dhéanamh agus camchuairteanna a chur le chéile, bhí Page drogallach faoin smaointe fós. D'admhaigh sé gur bhain sé sult mhór as an teacht le chéile is déanaí agus go ndéanfadh sé arís é, ach nach raibh sé ar intinn aige é a dhéanamh níos mó ná sin.
 
== Albaim ==