An difríocht idir athruithe ar: "Cóbalt"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 13:
Miotal airgeadgheal nó liath é an cóbalt, agus fearómaighnéadas ann. Ní féidir teacht ar an gcóbalt sa dúlra i bhfoirm na dúile aonraithe, ach bíonn comhdhúile an chóbailt réasúnta coitianta. Is minic a fhaightear in éineacht nó in aice leis an nicil é. Tá cóbalt riachtanach san orgánach daonna féin, nó is cuid de vitimín B-12 é.
 
Is iad +2 agus +3 na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí, ach tá +1 ann chomh maith. Tá an iliomad comhdhúile ag an gcóbalt, agus úsáid á baint astu le freastal ar a lán riachtanaisí éagsúla. Mar shampla, is éard atá sa [[Gorm cóbaltach|ghorm cóbaltachchóbaltach]] (cineál dath gorm) ná comhócsáid an chóbailt (uimhir ocsaídiúcháin +2) agus an [[Alúmanam|alúmanaim]], CoAl<sub>2</sub>O<sub>4</sub>.
 
Úsáidtear an cóbalt i gcóimhiotail. Thairis sin, úsáidtear iseatóip radaighníomhacha an chóbailt mar rianairí sa mhíochaine - is é sin, cuirtear blúire beag den chóbalt radaighníomhach ag cúrsaíocht i gcolainn agus i meitibileacht an othair le súil is go gcuideodh sé leis an dochtúir galair áirithe, ar nós siadaí urchóideacha, a aithint. Tá an t-iseatóp úd <sup>60</sup>Co in ann gáma-radaíocht láidir a astú, agus úsáidtear é le cealla ailse a mharú freisin.
 
Le bheith beacht, ní hé an cóbalt a astaíonn na gáma-chathanna, ach an t-iseatóp nicile is toradh do bhéite-mheath an chóbailt. Fágann an béite-mheath an nicil flosctha - is é sin, luchtaithe le fuinneamh; agus caithfidh an t-adamh nicile an fuinneamh seo a astú uaidh le staid chobhsaí a bhaint amach.
 
Uaireanta, déantar tagairt do "bhuama cóbailt", mar shaghas buama adamhach atá níos urchóidí ná an gnáthchineál. Níor tógadh aon cheann den bhuama seo riamh, cé go raibh sé i mbéal an phobail tráth. Is éard a bheadh ina leithéid ná gnáthbhuama adamhach a mbeadh cóbalt ina thimpeall. Nuair a phléascfadh an buama, d'iompódh an gnáthchóbalt ina raidiseatóp - is é <sup>60</sup>Co an t-iseatóp a bheadh i gceist - agus chuirfeadh sé go mór mór leis an truailliú radaighníomhach i ndiaidh na pléisce.
 
{{síol}}