An difríocht idir athruithe ar: "Riail an Ochtréid"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is é '''riail an ochtréid''' an riail sa cheimic a deir go bhfuil sé de chlaontacht ag na dúile ina gcuid comhdhúl ochtréad iomlán a bhaint amach ar an sceall leict...'
 
No edit summary
Líne 2:
 
Tá a lán dúl ann - na miotail trasdultacha ach go háirithe - nach féidir leo an t-ochtréad iomlán a bhaint amach ar aon nós. Mar sin, bíonn siad ag lorg struchtúir "leathchobhsaí" ina gcuid comhdhúl - go tipiciúil, sceall an ocht leictreon déag, nó an struchtúr "18 + 2" - is é sin, dhá leictreon ar an sceall is faide amuigh, agus ocht gceann déag ar an dara sceall is faide amuigh.
 
Go bunúsach, is iad na neamh-mhiotail, na miotail alcaileacha agus na miotail chré-alcaileacha is dlúithe a chloíonn le riail an ochtréid. Maidir leis an hidrigin, níl ach aon sceall amháin aici, an sceall is cóngaraí don núicléas, agus níl áit ansin ach do dhá leictreon: mar sin, tá an hidrigin ag iarraidh struchtúr an héiliam a bhaint amach, is é sin, dhá leictreon ar an t-aon sceall amháin sin.