An difríocht idir athruithe ar: "Buamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Is é an rud a bhí i gceist le '''buamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin''' ná sraith ionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh ar [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]] agus ar [[Muineachán|Mhuineachán]] ar an 17ú lá de Mhí na Bealtaine, 1974. Maraíodh triúr daoine déag is fiche sna hionsaithe seo, agus fágadh cneá, goin nó goimh ar bheagnach trí chéad duine, níos mó ná ar aon lá eile i stair na dTrioblóidí. Cé nár mhaígh aon eagraíocht ar leith freagracht as na hionsaithe, glactar leis go coitianta gur dream paraimhíleata éigin de chuid na nDílseoirí i d[[Tuaisceart Éireann]] a rinne an obair.
 
==Cróineolaíocht na nImeachtaí==
 
Phléasc trí charrbhuama taobh istigh de chúig nóiméad ama i Sráid Parnell, Sráid Talbot, agus Sráid Laighean Theas i lárchathair Bhaile Átha Cliath. Go gairid ina dhiaidh sin, phléasc buama eile fós i [[Muineachán]].
* Ag leathuair i ndiaidh a cúig iarnóna: Phléasc trí bhuama beagnach san am céanna i Sráid Talbot, Sráid Parnell agus Sráid Laighean Theas. Fuair triúr daoine is fiche, idir fhir, mhná agus pháistí, bás sna pléascanna seo, agus shíothlaigh triúr eile san ospidéal i rith an chéad chupla lá tar éis na bpléasc.
::Phléasc an chéad cheann den trí bhuama i mBaile Átha Cliath ag ocht nóiméad is fiche tar éis a cúig i Sráid Parnell. Fuair aon duine déag bás de dheasca an bhuama seo.
::Phléasc an dara ceann de na buamaí i mBaile Átha Cliath ag leathuair i ndiaidh a cúig i Sráid Talbot. Cailleadh ceathrar déag ansin.
::Phléasc an ceann deireanach acu ag dó nóiméad déag is fiche i ndiaidh a cúig i Sráid Laighean Theas. Beirt a d'éag sa phléasc seo.
* Ag a seacht a chlog iarnóna: phléasc buama eile i mBóthar an Tuaiscirt i Muineachán. Mharaigh an ceann seo cúigear ar dtús, agus shíothlaigh beirt eile i rith an chéad chupla seachtain eile.
 
De réir tuairiscí áirithe, fuair ceathrar déag is fiche nó cúigear déag is fiche bás ar fad. Is é an chéad fhigiúr a gheofar má chuirtear in áireamh go raibh Collette Doherty ag súil le breith, agus is féidir an páiste marbh a rugadh do Mhartha O'Neill a chur san áireamh chomh maith. Fuair Martha treascairt, agus maraíodh a fear céile Edward.
I dTuaisceart Éireann, d'fhógair [[Sammy Smyth]], a bhí ina phreasoifigeach do Chumann Cosanta Uladh ([[UDA]]) agus do Chomhairle Lucht Oibre Uladh ([[UWC]]) go raibh sé an-sásta leis na buamálacha:
 
::''Tá ríméad orm faoin dóigh ar buamáladh Baile Átha Cliath. Tá muid i gcogadh leis an Saorstát'' - is gnách le muintir an Tuaiscirt "an Saorstát" a thabhairt ar stát na sé gcontae fichead - ''agus anois, tá muid ag gáirí fúthu.''