An difríocht idir athruithe ar: "Buamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin"

Content deleted Content added
Líne 19:
===An Clár Teilifíse===
 
Fiche éigin bliain i ndiaidh na n-imeachtaí, rinne Teilifís Shír Eabhraic clár teilifíse faoi na buamálacha i gcomhoibriú le roinnt iar-oifigigh de chuid an [[An Garda Síochána|Gharda Síochána]]. Thug an clár le tuiscint gurbh iad Óglaigh Uladh, nó [[UVF]], eagraíocht pharaimhíleata de chuid na nDílseoirí, a rinne an bhuamáil. Is ar éigean a tháinig an méid sin aniar aduaidh ar aon duine, ach luaigh an clár sceimhlitheoirí de chuid an UVF ina n-ainmneacha, a maraíodh sna Trioblóidí idir an dá linn. Thairis sin, áfach, dúirt na Gardaí nach bhféadfadh na Dílseoirí buamálacha den chineál sin a chur i gcrích san am as a stuaim féin, nó thaispeáin an taighde fóiréinseach gur buamaí sofaisticiúla a bhí ann, chomh sofaisticiúil is go mbeadh cuidiú ó shaineolaí de dhíth ar na Dílseoirí lena leithéid a chur i dtoll le chéile. Is é an chiall a bhain na Gardaí faoi agallamh as an scéal go raibh seirbhísí faisnéise na Sasanach, nó daoine dá gcuidsean, ag déanamh claonpháirteachais leis na Dílseoirí. Tharraing an clár an-challán, go háirithe sa Dáil.