An difríocht idir athruithe ar: "Buamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin"

Content deleted Content added
+an bunathfhriotal i mBéarla
Líne 1:
Is é an rud a bhí i gceist le '''buamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin''' ná sraith ionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh ar [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]] agus ar [[Muineachán|Mhuineachán]] ar an 17ú lá de Mhí na Bealtaine, 1974. Maraíodh triúr daoine déag is fiche sna hionsaithe seo, agus fágadh cneá, goin nó goimh ar bheagnach trí chéad duine, níos mó ná ar aon lá eile i stair na dTrioblóidí. Cé nár mhaígh aon eagraíocht ar leith freagracht as na hionsaithe, glactar leis go coitianta gur dream paraimhíleata éigin de chuid na nDílseoirí i d[[Tuaisceart Éireann]] a rinne an obair.
 
==Cróineolaíocht na nImeachtaín-imeachtaí==
 
Phléasc trí charrbhuama taobh istigh de chúig nóiméad ama i Sráid Parnell, Sráid Talbot, agus Sráid Laighean Theas i lárchathair Bhaile Átha Cliath. Go gairid ina dhiaidh sin, phléasc buama eile fós i [[Muineachán]].
Líne 13:
I dTuaisceart Éireann, d'fhógair [[Sammy Smyth]], a bhí ina phreasoifigeach do Chumann Cosanta Uladh ([[UDA]]) agus do Chomhairle Lucht Oibre Uladh ([[UWC]]) go raibh sé an-sásta leis na buamálacha:
 
:"I am very happy about the bombings in Dublin. There is a war with the Free State and now we are laughing at them."
::''Tá ríméad orm faoin dóigh ar buamáladh Baile Átha Cliath. Tá muid i gcogadh leis an Saorstát'' - is gnách le muintir an Tuaiscirt "an Saorstát" a thabhairt ar stát na sé gcontae fichead - ''agus anois, tá muid ag gáire fúthu.''
:(Aistriúchán: "Tá ríméad orm faoin dóigh ar buamáladh Baile Átha Cliath. Tá muid i gcogadh leis an Saorstát agus anois, tá muid ag gáire fúthu.")<ref>Athfhriotal as amlíne na n-imeachtaí arna scríobh ag CAIN [http://cain.ulst.ac.uk/othelem/chron/ch74.htm anseo]. Mharaíodh Sammy Smyth ag PIRA dhá bhliain ina dhiaidh - tá cur síos CAIN ar fáil [http://cain.ulst.ac.uk/othelem/chron/ch76.htm anseo].</ref>
 
==I nDiaidh na nImeachtaí==
 
===An Clár Teilifíse===
 
==I ndiaidh na n-imeachtaí==
===An clár teilifíse===
Fiche éigin bliain i ndiaidh na n-imeachtaí, rinne Teilifís Shír Eabhraic clár teilifíse faoi na buamálacha i gcomhoibriú le roinnt iar-oifigigh de chuid an [[Garda Síochána|Gharda Síochána]]. Thug an clár le tuiscint gurbh iad Óglaigh Uladh, nó [[UVF]], eagraíocht pharaimhíleata de chuid na nDílseoirí, a rinne an bhuamáil. Is ar éigean a tháinig an méid sin aniar aduaidh ar aon duine, ach luaigh an clár sceimhlitheoirí de chuid an UVF ina n-ainmneacha, a maraíodh sna Trioblóidí idir an dá linn. Thairis sin, áfach, dúirt na Gardaí nach bhféadfadh na Dílseoirí buamálacha den chineál sin a chur i gcrích san am as a stuaim féin, nó thaispeáin an taighde fóiréinseach gur buamaí sofaisticiúla a bhí ann, chomh sofaisticiúil is go mbeadh cuidiú ó shaineolaí de dhíth ar na Dílseoirí lena leithéid a chur i dtoll le chéile. Is é an chiall a bhain na Gardaí faoi agallamh as an scéal go raibh seirbhísí faisnéise na Sasanach, nó daoine dá gcuidsean, ag déanamh claonpháirteachais leis na Dílseoirí. Tharraing an clár an-challán, go háirithe sa Dáil.
 
==Tagairtí==
<references/>
 
{{stumpa}}