An difríocht idir athruithe ar: "Anatamaíocht"

Content deleted Content added
HRoestBot (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Is éard is '''anatamaíocht''' (ón n[[Gréigis]] ἀνατομία anatomia, ó ἀνατέμνειν ana: roinn, roinnte ó, agus temnein, gearradh, gearradh ar oscailt. Ón bhfocal Gréigise "anatome" chomh maith--ana: ó chéile, tome: gearradh-->gearradh ó chéile) nó corpeolaíocht ann ná réimse den [[bitheolaíocht|bhitheolaíocht]] is den [[leigheas]] a phléann le struchtúr nithe beo. Is téarma ginearálta é a chuimsíonn an anatamaíocht [[Duine|dhaonna]], anatamaíocht na [[ainmhí|n-ainmhithe]], agus anatamaíocht na [[planda|bplandaí]]. I roinnt gnéithe den anatamaíocht tá gaol gearr aige le [[sutheolaíocht]], an anatamaíocht chomparáideach agus an [[tsutheolaíocht chomparáideach]].
 
Déantar an anatamaíocht a fhoroinnt i roinnt réimsí éagsúla; oll-anatamaíocht agus anatamaíocht mhicreascópach. Is éard is oll-anatamaíocht ann ná staidéar ar struchtúir anatamaíochta ar féidir iad a fheiscint le radharc na súl. Is éard is [[anatamaíocht mhicreascópach]] ann ná staidéar ar struchtúir anatamaíochta bhídeacha le micreascóipeanna, cuid de seo is ea an histeolaíocht (staidéar ar riaradh na bhfíochán) agus cíteolaíocht (staidéar na gceall)
 
I rith stair na h-anatamaíochta, tá dul chun cinn leanúnach tar éis tarlú ar thuiscint s'againn ar fheidhmeanna orgán éagsúla agus ar struchtúir na colainne. Tá feabhas mór tagtha ar modhanna na h-eolaíochta, ó scrúdú na n-ainmhithe agus mionghearradh ar chorpáin, go teicníochtaí teicneolaíochta coimpléascacha a forbraíodh sa 20ú céad, ina measc an x-ghathú, agus an íomháú athshondais mhaighnéadaigh.