An difríocht idir athruithe ar: "Buamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Is é an rud a bhí i gceist le '''buamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin''' ná sraith ionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh ar [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]] agus ar [[Muineachán|Mhuineachán]] ar an 17ú lá de Mhí na Bealtaine, [[1974]]. Maraíodh triúr daoine déag is fiche sna hionsaithe seo, agus fágadh cneá, goin nó goimh ar bheagnach trí chéad duine, níos mó ná ar aon lá eile i stair [[na dTrioblóidí]]. Drong dennár [[Óglaighmhaígh Uladh]]aon aguseagraíocht saighdiúiríar denleith [[Reisimintfreagracht Cosantaas Uladh]]na hionsaithe, aglactar raibhleis inago gcónaícoitianta igur tuaisceartdream [[Contaeparaimhíleata Ardéigin Mhacha]],de achuid raibhna freagrachnDílseoirí asi nad[[Tuaisceart buamálacha.Éireann]] Fuaira siadrinne cabhairan ón chomaltaí [[MI5]]obair.
 
==Cróineolaíocht na n-imeachtaí==
 
Phléasc trí charrbhuama taobh istigh de chúig nóiméad ama i [[Sráid Parnell]], [[Sráid Talbot]], agus [[Sráid Laighean Theas]] i lárchathair Bhaile Átha Cliath. Go gairid ina dhiaidh sin, phléasc buama eile fós i [[Muineachán]].
* Ag leathuair i ndiaidh a cúig iarnóna: Phléasc trí bhuama beagnach san am céanna i Sráid Talbot, Sráid Parnell agus Sráid Laighean Theas. Fuair triúr daoine is fiche, idir fhir, mhná agus pháistí, bás sna pléascanna seo, agus shíothlaigh triúr eile san ospidéal i rith an chéad chupla lá tar éis na bpléasc.
::* Phléasc an chéad cheann den trí bhuama i mBaile Átha Cliath ag ocht nóiméad is fiche tar éis a cúig i Sráid Parnell. Fuair aon duine déag bás de dheasca an bhuama seo.
Líne 11:
 
De réir tuairiscí áirithe, fuair ceathrar déag is fiche nó cúigear déag is fiche bás ar fad. Is é an chéad fhigiúr a gheofar má chuirtear in áireamh go raibh Collette Doherty ag súil le breith, agus is féidir an páiste marbh a rugadh do Mhartha O'Neill a chur san áireamh chomh maith. Fuair Martha treascairt, agus maraíodh a fear céile Edward.
I dTuaisceart Éireann, d'fhógair [[Sammy Smyth]], a bhí ina phreasoifigeach do [[Chumann Cosanta Uladh]] ([[UDA]]) agus do [[Chomhairle Lucht Oibre Uladh]] ([[UWC]]) go raibh sé an-sásta leis na buamálacha:
 
:"I am very happy about the bombings in Dublin. There is a war with the Free State and now we are laughing at them."
:(Aistriúchán: "Tá ríméad orm faoin dóigh ar buamáladh Baile Átha Cliath. Tá muid i gcogadh leis an [[Poblacht na hÉireann|Saorstát]] agus anois, tá muid ag gáire fúthu.")<ref>De réir amlíne na n-imeachtaí atá curtha ar fáil ag CAIN [http://cain.ulst.ac.uk/othelem/chron/ch74.htm anseo]. Mharaigh na [[Sealadaigh]] Sammy Smyth dhá bhliain ina dhiaidh - tá cur síos CAIN ar fáil [http://cain.ulst.ac.uk/othelem/chron/ch76.htm anseo].</ref>
 
==I ndiaidh na n-imeachtaí==
===An clár teilifíse===
Fiche éigin bliain i ndiaidh na n-imeachtaí, rinne Teilifís Shír Eabhraic clár teilifíse faoi na buamálacha i gcomhoibriú le roinnt iar-oifigigh de chuid an [[Garda Síochána|Gharda Síochána]]. Thug an clár le tuiscint gurbh iad Óglaigh Uladh, nó [[UVF]], eagraíocht pharaimhíleata de chuid [[na nDílseoirí]], a rinne an bhuamáil. Is ar éigean a tháinig an méid sin aniar aduaidh ar aon duine, ach luaigh an clár sceimhlitheoirí de chuid an UVF ina n-ainmneacha, a maraíodh sna Trioblóidí idir an dá linn. Thairis sin, áfach, dúirt na Gardaí nach bhféadfadh na Dílseoirí buamálacha den chineál sin a chur i gcrích san am as a stuaim féin, nó thaispeáin an taighde fóiréinseach gur buamaí sofaisticiúla a bhí ann, chomh sofaisticiúil is go mbeadh cuidiú ó shaineolaí de dhíth ar na Dílseoirí lena leithéid a chur i dtoll le chéile. Is é an chiall a bhain na Gardaí faoi agallamh as an scéal go raibh seirbhísí faisnéise na [[Sasana]]chSasanach, nó daoine dá gcuidsean, ag déanamh claonpháirteachais leis na Dílseoirí. Tharraing an clár an-challán, go háirithe sa [[Dáil]].
 
===Tuarascáil Barron===
 
D'ordaigh Rialtas na hÉireann do bhreitheamh arbh ainm dó [[Henry Barron]] tuarascáil rúnda a scríobh faoi na buamálacha. De thoradh na tuarascála, cuireadh an iomad ceisteanna faoi, cén fáth a mbeadh Rialtas na hÉireann ag iarraidh an fhírinne a cheilt faoi ionsaithe sceimhlitheoireachta a bhí dírithe ar dhochar a dhéanamh do shíocháin na sochaí in [[Éirinn]] féin. Is iomaí teoiric a tháinig chun solais sna meáin chumarsáide, agus is é an míniú is inchreidte ná nach raibh cuid de na Gardaí ábalta glacadh leis go raibh fórsaí slándála na [[Breataine Móire]] ag cabhrú leis na sceimhlitheoirí.
 
Creidtear go bhfuair an Breitheamh Barron an-locht ar an dóigh ar fhiosraigh na Gardaí an scéal, go háirithe ar an diospóireacht faoi chúrsaí na fóiréinsice agus ar an iompairc faoin gcumhacht i measc na nGardaí san am. Is beag fianaise fhóiréinseach a fhágann na buamálacha ina ndiaidh. Mar sin, tá sé ardtábhachtach i gcásanna den chineál seo tástálacha tobanna a dhéanamh leis na substaintí a aithint a húsáideadh sa bhuama. D'fhág na Gardaí an obair faoi Shaotharlann Stáit na hÉireann, a bhí in anás maoiniú agus foirne san am. Mar sin féin, bhí sí in ann a chruthú gur buamaí sofaisticiúla a bhí i gceist, cé nach bhfuarthas na samplaí ach trí lá i ndiaidh na mbuamálacha. Ar chúiseanna nach dtuigtear go hiomlán, ní rabhthas muiníneach as torthaí Shaotharlann Stáit na hÉireann, agus cuireadh na samplaí chuig saotharlann fhóiréinseach i m[[BéalmBéal Feirste]]. Ní raibh foireann na saotharlainne sin go hiomlán ar aon fhocal le Saotharlann an Stáit, ach mura raibh, ní bhfuair siad na samplaí ach aon lá déag i ndiaidh na n-imeachtaí, rud a cháin siad ina dhiaidh sin ina dtuarascáil féin. Ba chóir samplaí den chineál seo a thaighde sula mbeadh sé uaire imithe ón mbuamáil, dar leo.
 
==Tagairtí==