An difríocht idir athruithe ar: "Gailliam"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: ms:Galium
No edit summary
Líne 9:
|Íomhá=Ga-TableImage.png
}}
Is [[dúil cheimiceach]] é an '''gailliam'''. Ceann de na miotail iar-thrasdultacha atá ann. Is é dúil uimhir a 31 é, agus is í an tsiombail atá air ná '''Ga'''. Níl sé ar fáil sa dúlra ina dhúil, agus níl mórán mianraí ann ach an oiread ina mbeadh an gailliam ar ceann de na príomh-chomhábhair. Ó tá sé in aon ghrúpa leis an alúmanam, tá sé cosúil leis ó thaobh na ceimice de, agus mar sin bíonn an bháicsít truaillithe le hiarsmaí gailliam go minic.
Is [[dúil cheimiceach]] é '''gailliam'''. Is é an [[mais adamhach|meáchán adamhach]] atá aige ná 69.723 g/mol. Tá [[uimhir adamhach]] '''31''' agus siombail '''Ga''' air.
 
Miotal sobhriste é an gailliam le teocht an tseomra, ach is é a leáphointe ná 29.7646 °C, agus mar sin, leáfadh sé sa lámh agat dá bhfaighfeá greim air. Cosúil leis an uisce, forbróidh an gailliam nuair a iompóidh sé ina sholad, agus déanfaidh gailliam leáite dochar do na miotail eile, ós féidir leis seangú isteach tríothu agus a struchtúr criostalta a chur as a riocht.
 
Ba é Paul Émile Lecoq de Boisbaudran, an ceimiceoir Francach an chéad duine a d'aithin an gailliam mar dhúil ar leith, ar an dá líne vialait a fhágann sé ar an speictream. Rinneadh an fhionnachtain seo sa bhliain 1875, ach bhí Dmitrí Meindeiléiv, athair an tábla pheiriadaigh, in ann saintréithe an ghailliam a thuar roimhe sin féin, nó thuig sé go raibh dúil ar lár go fóill sa bhearna sin. Is é an t-ainm a bhí ag Meindeiléiv ar an ngailliam ná ''eka''-alúmanam; ón t[[Sanscrait]] a fuair sé an réimír sin ''eka''. Ba é Boisbaudrain a bhaist an t-ainm sin gailliam ar an dúil nua, agus is é ''An Ghaill'' - ainm stairiúil na Fraince - is bun leis an ainm seo. Bhí lucht an ghrinn i saol na ceimice barúlach, áfach, gurb as féin a d'ainmnigh sé an dúil. Nó is amhlaidh gurb é ''gallus'' an focal Laidine ar "coileach", agus is é is brí le ''le coq'' san Fhraincis ná "an coileach"! Ní mó ná sásta a bhí Boisbaudran féin leis an scéilín magaidh seo, agus fuair sé riachtanach é a shéanadh in alt a scríobh sé na blianta fada i ndiaidh na fionnachtana.
 
Inniu, úsáidtear an gailliam i ndópáil na leathsheoltóirí. Sular tháinig teicneolaíocht na leathsheoltóirí chun tosaigh, ba iad na príomhúsáidí a bhaintí as an miotal seo ná teirmiméadair agus cóimhiotail sholeáite.
 
Is í an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta a bhíonn ag an ngailliam ina chuid comhdhúl ná +3. Bíonn comhdhúile gailliam (+1) ann chomh maith, ach tá sé de chlaontacht iontu díréiriú a dhéanamh go gailliam miotalach agus gailliam (+3). Le teocht an tseomra, éighníomhófar an gailliam agus é i dteagmháil leis an aer, nó tiocfaidh brat ocsaíde air cosúil leis an alúmanam. Má théitear é, áfach, imoibreoidh sé le hocsaigin an aeir, ionas go gcruthófar trí-ocsaíd an ghailliam, Ga<sub>2</sub>O<sub>3</sub>.
 
{{síol}}