An difríocht idir athruithe ar: "Gailliam"

221 bytes added ,  10 mbliana ó shin
no edit summary
Inniu, úsáidtear an gailliam i ndópáil na leathsheoltóirí. Sular tháinig teicneolaíocht na leathsheoltóirí chun tosaigh, ba iad na príomhúsáidí a bhaintí as an miotal seo ná teirmiméadair agus cóimhiotail sholeáite.
 
Is í an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta a bhíonn ag an ngailliam ina chuid comhdhúl ná +3. Bíonn comhdhúile gailliam (+1) ann chomh maith, ach tá sé de chlaontacht iontu díréiriú a dhéanamh go gailliam miotalach agus gailliam (+3). Le teocht an tseomra, éighníomhófar an gailliam agus é i dteagmháil leis an aer, nó tiocfaidh brat ocsaíde air cosúil leis an alúmanam. Má théitear é, áfach, imoibreoidh sé le hocsaigin an aeir, ionas go gcruthófar trí-ocsaíd an ghailliam, Ga<sub>2</sub>O<sub>3</sub>. Ceimiceán tábhachtach é an trí-ocsaíd seo sa teicneolaíocht. Mar shampla, is féidir sreanga agus plátaí micreascópacha a dhéanamh aisti, agus mar sin, táthar ag baint trialach aisti sa nanaitheicneolaíocht.
 
{{síol}}