An difríocht idir athruithe ar: "Gailliam"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 17:
Inniu, úsáidtear an gailliam i ndópáil na leathsheoltóirí. Sular tháinig teicneolaíocht na leathsheoltóirí chun tosaigh, ba iad na príomhúsáidí a bhaintí as an miotal seo ná teirmiméadair agus cóimhiotail sholeáite.
 
Is í an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta a bhíonn ag an ngailliam ina chuid comhdhúl ná +3. Bíonn comhdhúile gailliam (+1) ann chomh maith, ach tá sé de chlaontacht iontu díréiriú a dhéanamh go gailliam miotalach agus gailliam (+3). Le teocht an tseomra, éighníomhófar an gailliam agus é i dteagmháil leis an aer, nó tiocfaidh brat ocsaíde air cosúil leis an alúmanam. Má théitear é, áfach, imoibreoidh sé le hocsaigin an aeir, ionas go gcruthófar trí-ocsaíd an ghailliam, Ga<sub>2</sub>O<sub>3</sub>. Ceimiceán tábhachtach é an trí-ocsaíd seo sa teicneolaíocht. Mar shampla, is féidir sreanga agus plátaí micreascópacha a dhéanamh aisti, agus mar sin, táthar ag baint trialach aistias an dé-ocsaíd sa nanaitheicneolaíocht.
 
Má théitear gailliam agus dé-ocsaíd go 500 °C, imoibreoidh siad le chéile, ionas go bhfaighfear aonocsaíd ghailliam, Ga<sub>2</sub>O, ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin úd +1 ag an ngailliam. Is dí-ocsaídeoir láidir í an aonocsaíd, ós rud é go bhfuil gailliam (+1) an-fhonnmhar chun é féin a ocsaídiú go gailliam (+3). Tá sé, fiú, in ann aigéad sulfarach H<sub>2</sub>SO<sub>4</sub> a dhí-ocsaídiú go suilfíd hidrigine H<sub>2</sub>S.
 
{{síol}}